Skip to main content Skip to secondary navigation

An Ghaeilge

An Ghaeilge

Stair na Gaeilge

Ceann de na teangacha Ceilteacha is ea an Ghaeilge, fara Gaeilge nah Alban, Gaeilge Oileán Mhanann, Breatnais, Cornais agus Briotáinis.  Ón nGaeilge a shíolraíonn formhó® an logainmneacha agus na sloinnte in Éirinn.  Mar shampla, is ón nGaeilge "Dubh Linn" a thagann "Dublin".  
Is féidir an fhianaise is luaithe scríofa as Gaeilge a fháil i scríbhinní oghaim ón tríú haois. Baineadh úsáid as Ogham, córas scríbhneoireachta línte ingearacha agus fiara ar adhmad nó níos minice ar chloch, in Éirinn den chuid is mó ar leaca uaighe is ar mharcanna teorann. Maireann roinnt céadta cloch oghaim in Éirinn fós.

Ag Éirinn atá an litríocht dhúchais is sine in Iarthar na hEorpa. Ón mbliain 597 AD an téacs liteartha is ársa na hÉireann, Amra Choluim Chille. D'fhorbair an Ghaeilge léi mar theanga liteartha ar fud na hÉireann agus na hAlban, agus í ag éirí níos caighdeánaí, ach freisin beagán faoi thionchar ag teangacha iasachta á labhairt ag ionróirí. Tháinig focail reiligiúnacha ón Laidin, eaglais (ecclesia), sagart (sacerdotus). A bhuí leis na Lochlannaigh, fuair sí iasachtaí a bhaineann le longa agus loingseoireacht. Ionradh na  Normannach sa 12ú haois, thug sé focail Fraincise, mar shampla garsún (garçon), cúinne (cóin), seomra (chambre), nó an t-ainm Seán (Jean).

D'fhan an Ghaeilge ina teanga an tromlaigh in Éirinn go dtí an 19ú haois nuair a thosaigh meath tapa, agus tháinig an Béarla chun cinn. Ba le linn an Ghorta Mhóir, nuair a fuair idir milliún agus dhá mhilliún duine bás den ocras, iad uile ina gcainteoirí Gaeilge, a chlis ar an teanga dáiríre.  Ina theannta sin, rith rialtas na Breataine dlíthe a thug Béarla isteach sna scoileanna agus a chuir cosc le múineadh na Gaeilge.

Ó fuair Éire neamhspleáchas sna 1920í, rinne Rialtas na hÉireann forálacha éagsúla leis an nGaeilge a chothabháil agus a chur chun cinn. Aithníonn Bunreacht na na hÉireann gurb í an Ghaeilge an t-aon teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil na hÉireann. Is croí-ábhar í an Ghaeilge i mbunscoileanna agus i meánscoileanna agus tá fás ag teacht gan sos ar líon na nGaelscoileanna. Craolann meáin náisiúnta as Gaeilge: Raidió na Gaeltachta agus TG4 (teilifís).

Léirigh figiúirí an daonáirimh in 2011 go bhfuil Gaeilge ag breis is 40% den phobal. Labhraítear an Ghaeilge mar chéad teanga sa Ghaeltacht, ach go pointe áirithe ar fud na tíre. In 2010, ghlac Rialtas na hÉireann straitéis 20-bliain a bhfuil faoi líon na n-úsáideoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go 250,000 faoin mbliain 2030.

An Ghaeilge agus an AE

Nuair a chuaigh Éire isteach sa CEE i 1973, rinneadh teanga "chonartha" den Ghaeilge, cé nár theanga oifigiúil oibre í. I 2005 vótáil Comhairle Airí an AE d'aon toil go mbeadh an Ghaeilge ar an 21ú teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. Tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007.

Thug  a stádas nua san AE, agus na deiseanna gairme a cruthaíodh le haghaidh céimithe na hÉireann, gur cruthaíodh a lán cúrsaí nua tríú leibhéal aistriúcháin agus ateangaireachta. Mar sin féin, tugadh maolú sealadach díomuan isteach in 2007 mar gheall ar dheacrachtaí a dóthain aistritheoirí Gaeilge a earcú. Rinneadh athnuachan ar an maolú in 2010 agus déanfar athbhreithniú arís in 2015.

Chuir an Chomhairle agus Coimisiún Eorpach aonaid aistriúcháin Gaeilge ar bun agus aistríodh a lán de shuíomh gréasáin Europa go Gaeilge.  Cloistear an Ghaeilge anois go rialta ag cruinnithe na Comhairle agus ag seisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa. Úsáideann gach institiúidí AE roinnt Gaeilge i gcumarsáid leis an bpobal anois.  

Focail a bheadh agat cheana, b'fhéidir

Sláinte :                       good health (Irish way to say “Cheers”)

Céad Míle Fáilte:         hundred thousand welcomes

Slán:                            goodbye

RTÉ:                            Raidió Teilifís Éireann – the national broadcaster


Focail a chloisfeá le linn na hUachtaránachta  

Bunreacht* Na hÉireann                    The Irish Constitution

Taoiseach*                                          Irish head of government/Prime Minister

Tánaiste                                              Deputy Prime Minister

Dáil                                                      Irish House of Representatives

Seanad                                                Irish Senate

Oireachtas*                                         Ireland’s national parliament

Gardaí                                                 Irish police

 

* Níl fuaim "ch" na Gaeilge le cloisteáil as Béarla nó as Fraincis, ach is ionann í agus na fuaimeanna sa Ghearmáinis "acht", sa Spáinnis "joven" agus sa Pholainnis "choinka".