10 rud nárbh eol duit faoi Bhaile Átha Cliath
- Tháinig an t-ainm “Dublin” ó "Dubh Linn," a chiallaíonn "Linn Dhubh." Áitreabh eile níos sia siar, mar a raibh áth déanta de chliatha adhmaid, a thug an t-ainm Gaeilge, Baile Átha Cliath, dúinn.
- Ainmmíodh ceantar Bharra an Teampaill as Sir William Temple, a bhí ina chónaí ann sa 17ú haois. In ainneoin na cáile atá inniu air, níl aon bhaint ag an ainm le hól: "bar", sin focal Angla-Shacsanach ar theach geata.
- Is í Páirc an Fhionnuisce an pháirc uirbeach is mó san Eoraip. Na lampaí sráide atá sa phríomhascaill, Ascaill Chesterfield, úsáid siad gás fós.
- Is é Droichead Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath an t-aon droichead san Eoraip arb ionannn fad agus leithead dó.
- Tá 53% de dhaonra Bhaile Átha Cliath faoi 35 bliana d'aois.
- Tá os cionn 1,000 teach tábhairne i mBaile Átha Cliath. Deirtear gurb é an Brazen Head an ceann is sine: Tá teach tábhairne ansin ón mbliain 1168 i leith.
- Tá léas 9,000 bliain ag bunghrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath, ar IÉ£45 in aghaidh na bliana. Rachaidh sé in éag, mar aon leis na cearta uisce, in 10759.
- Na daoine a mbronntar Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath orthu (lena n-áirítear Bono ó U2), tugtar an ceart dóibh caoirigh a chur ag iníor i bhFaiche Stiabhna, an pháirc atá i lár na cathrach.
- Is i mBaile Átha Cliath a rugadh Bram Stoker, údar Dracula. Táid ann a chreideann gur ó na focail "Droch-fhola" sa Ghaeilge a thagann Dracula, cé go gciallaíonn dracul “an diabhal” as Rómáinis.
- Tá iarsmaí Naomh Vailintín, naomhphátrún an ghrá, le fáil ag scrín san Eaglais Chairmilíteach. Sráid na mBráithre Bána.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter