Skip to main content Skip to secondary navigation

Sracfhéachaint ar Stair na hÉireann

Is iomaí ionradh agus lonnú daoine iasachta i stair na hÉireann. Na Ceiltigh, na Lochlannaigh, na Normannaigh agus na Sasanaigh - d'fhág siad go léir a rian ar stair, ar chultúr, ar thíreolaíocht agus ar mhuintir na hÉireann.

Éire na réamhstaire

Ba iad na sealgairí a tháinig sa ré Mhéisiliteach agus sa ré Neoiliteach na háitreabhaigh ba luaithe. Tá tuath na hÉireann breac le tuamaí meigiliteacha mórthaibhseach, go háirithe Brú na Bóinne, a bhfuil seomra aige atá sé deartha chun ailíniú leis an ghrian ag ardú lá ghrianstad an gheimhridh, rud a dhéanann réadlann gréine de. Meastar gur shroich treibheanna Ceilteacha Éire thart ar an 6ú haois RC, agus bhí tionchar buan acu ar Éirinn. Tá an Ghaeilge (link to Irish language page) i bhfine na dteangacha Ceilteacha, agus bhí tionchar freisin ag na Ceiltigh ar ealaín agus ar chultúr na hÉireann. 

Éire Chríostaí

Glendalough Naomh Pádraig, éarlamh na hÉireann, a thug an Chríostaíocht go hÉirinn sa 5ú haois. Bhí Éire na linne sin ina sochaí tuaithe agus in éagmais na mbailte móra nó na gcathracha bhí ról mór i saol sóisialta agus polaitiúil na hÉireann ag mainistreacha móra. Is féidir cuid de seo a fheiceáil fós sa lá atá inniu ann, mar shampla Gleann Dá Loch i gCo Chill Mhantáin, agus Chluain Mhic Nóis i lár na hÉireann.

Thug tionchar na mainistreacha ré órga ealaíne agus ceardaíochta in Éirinn go háirithe i miotalóireacht agus i dtáirgeadh lámhscríbhinní maisithe, mar shampla, Leabhar Cheanannais, a bhfuil cáil dhomhanda air agus atá lonnaithe anois i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

 

Na Lochlannaigh

Ó thart ar 800 AD ar aghaidh bhí Éire faoi ionsaí rialta ag foghlaithe Lochlannacha a chreachadh na mainistreacha saibhre agus a thug a meath sa deireadh. Na Lochlannaigh a bhunaigh poist thrádála in Éirinn a d'fhorbair ina dhiaidh sin ina mbailte móra agus i gcathracha amhail Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Port Láirge. Chreidtí gurb iad  na Lochlannaigh a thug "Dubh Linn" ar an gcathair, ach is léir ón ainm Gaelach go raibh áitreabh ann rompu. 

Gabháltas Gall

Rinne na Normannaigh ionradh ar Éirinn ó Shasana i 1169 ar iarratas an Rí ar a dtugtar Diarmaid na nGall, a bhí ag súil le cabhair uathu, ach sheol Rí Anraí II Shasana a thuilleadh saighdiúirí le smacht a choimeád ar a arm Normannach. Bhí tionchar as cuimse ag na Normannaigh ar an oileán, ach níorbh gur éirigh siad 'níos Gaelaí ná na Gaeil féin' , ag foghlaim na teanga dúchais agus ag pósadh isteach i dteaghlaigh Ghaelacha. Faoi dheireadh an 15ú haois bhí flaitheas na Breataine in Éirinn teoranta go héifeachtach do cheantar beag timpeall Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar an Pháil.

Éire sa Nua-aois Luath

Rinne na ríthe agus banríonacha Tudor iarracht mhór chun Éire a athghabháil sa 16ú haois. D'ainmnigh Anraí VIII é féin ina rí ar Éirinn agus cuireadh tús leis na chéad phlandálacha Sasanacha agus sraith feachtas míleata, chomh maith le dian-iarrachtaí an Protastúnachas ar bhrú ar Chaitlicigh na hÉireann. Chuir an deachtóir Sasanach Oilibhéar Cromail éirí amach na hÉireann faoi chois go fuilteach i 1649: níor chaith a arm ach 10 mí ar an oileán ach d'fhág sé rian nach ndéanfaí dearmad air.  Coigistíodh réimsí móra talún torthúla agus athdháileadh ar shaighdiúirí Chromail agus ar choilínigh Albanacha iad, rud a d'fhás na mílte teaghlach easáitithe. Sna blianta seo ina dhiaidh sin, tugadh isteach cód dian Péindlíthe i gcoinne na gCaitliceach, le cosc ar chleachtadh an chreidimh, an chléir Chaitliceach a eisreachtú agus Caitlicigh a chosc ó vótáil, ó sheilbh oifige poiblí nó talún.

Éire sa Nua-aois

Lean an teannas idir an rialóirí Sasanacha agus daonra na hÉireann ó ghlúin go glúin. Thug an Gorta Mór sna 1840í athrú radacach. Fuair idir milliún agus dhá mhilliún duine bás den ocras, agus ba fheirmeoirí nó tionóntaí Caitliceacha beaga a bhformhór mór: chuaigh na milliúin eile ar imirce, agus thit an daonra go mór. Do na hÉireannaigh a d'fhan agus a d'imigh araon, bhí an gorta ina chúis gluaiseachtaí náisiúnacha ag lorg neamhspleáchais. Bunaíodh roinnt gluaiseachtaí agus cumann le tacú le Fuascailt na gCaitliceach, leasuithe talún agus féinriail d'Éirinn, agus leis an gcultúr Gaelach a shábháil ón mbás. Chabhraigh na  polaiteoirí Éireannacha Dónall Ó Conaill agus Charles Stewart Parnell le ceist na hÉireann a chur i lár pholaitíocht na Breataine.

 Proclamation

I dTreo Stáit Éireannaigh

I 1914 rith Parlaimint i Westminster Bille Rialtais Dúchais le ceart féin-rialtais a dheonú ar Éirinn, ach cuireadh siar é mar gheall ar an gCéad Chogadh Domhanda. Luan Cásca 24 Aibreán, 1916, chuir Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann tús le héirí amach armtha i mBaile Átha Cliath, agus fógraíodh neamhspleáchas na hÉireann. Briseadh leis an éirí amach tar éis seachtaine troda. Neartaigh bású na gceannairí, lena n-áirítear Pádraig Mac Piarais agus Séamas Ó Conghaile, le tuairim an phobail a chasadh níos mó fós i gcoinne fhorlámhas Shasana in Éirinn.

Ag toghchán 1918 bhuaigh Sinn Féin, páirtí an neamhspleáchais, bua ollmhór (73 suíochán as 105) agus in ionad glacadh lena gcuid suíochán i bParlaimint na Breataine, chloígh siad lena ngealltanais agus bhunaigh an Chéad Dáil, parlaimint neamhspleách i mBaile Átha Cliath, faoi stiúir Eamon de Valera (a bhí ina Thaoiseach agus níos déanaí ina Uachtarán ar Éirinn). Tháinig deireadh le Cogadh na Saoirse (1919-1921) le síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh i mí na Nollag 1921, rud a roinn an tír ina Saorstát Éireann (26 contae) agus sé chontae i gCúige Uladh a d'fhan sa Ríocht Aontaithe, agus ar a dtugtar Thuaisceart Éireann anois (link to Northern Ireland text). Tharla cogadh cathartha idir an rialtas nua agus na daoine a bhí in aghaidh an Chonartha, agus chríochnaigh sé i 1923, le bua an tSaorstáit. Bhí tionchar mór ag an gcogadh cathartha ar pholaitíocht na hÉireann ar feadh na mblianta fada. WT Cosgrave ó pháirtí Chumann nGaedheal, níos déanaí Fine Gael, a bhí i gceannas ar an gcéad rialtas sa Stát nua Éireannach.  Ghlac an páirtí eile ba mhó i bpolaitíocht na hÉireann, Fianna Fáil, tús áite sna 1930í.

Bunreacht na hEireann

D'achtaigh an pobal Bunreacht na hÉireann le reifreann sa bhliain 1937, agus tá an Bunreacht sin i bhfeidhm fós.  Athraíodh Saorstát Éireann go Poblacht na hÉireann i 1949, agus anois is í Éire is mó a thugtar ar an tír. 

‌D'fhan Éire neodrach le linn an Dara Cogadh Domhanda. Mar sin féin, throid roinnt Éireannach leis na Comhghuaillithe le linn an chogaidh. Glacadh Éire sna Náisiúin Aontaithe i 1955 san Aontas Eorpach i 1973. Na forbairtí sin, agus ról laghdaithe na heaglaise, thug siad geilleagar, sochaí agus cultúr níos oscailte in Éirinn.