Skip to main content

Cad is Uachtaránacht an AE ann

‌Glacann ballstát eile de 27 Ballstát an AE le hUachtaránacht na Comhairle gach sé mhí. Beidh an Uachtaránacht ag Éirinn den 7ú huair ó Eanáir go Meitheamh 2013. Cuireann Ballstát na hUachtaránachta clár oibre leanúnach an Aontais ar aghaidh, agus bíonn deis aige beartais agus reachtaíocht an AE a mhúnlú agus tionchar a imirt orthu. Is í an Uachtaránacht a ionadaíonn an Chomhairle freisin ina plé le hinstitiúidí eile an AE.
JL small image

‌Is í an Uachtaránacht a bheartaíonn cruinnithe Chomhairle an AE, agus a bhíonn ina cathaoirleach orthu, agus is iad  Airí na hÉireann a bheidh sa chathaoir den chéad leath de 2013. Breis is 150 coiste ag leibhéal oifigeach agus comhlachtaí ullmhúcháin a ullmhaíonn cruinnithe na nAirí, agus is iad oifigigh na hÉireann a bheidh sa chathaoir orthu. 

Leagann an Uachtaránacht amach a  clár agus a tosaíochtaí féin  dá téarma sé mhí.  Iadsan a thugann an comhthéacs faoina n-ullmhaíonn an Uachtaránacht an clár oibre do chruinnithe na Comhairle. Féachann an Uachtaránacht le torthaí a bhaint amach, rud a chiallaíonn go minic  moltaí comhréitigh a chur chun tosaigh agus comhaontuithe a chaibidliú. Chun é sin a dhéanamh, ní mór don Uachtaránacht gníomhú go macánta neamhchlaonta.

Is í an Uachtaránacht a ionadaíonn an Chomhairle freisin ina plé le hinstitiúidí eile an AE, go háirithe leis an Choimisiún agus leis an Pharlaimint. 

Cad a d’athraigh ón uair dheiridh a bhí an uachtaránacht ag Éirinn? 

Tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm in 2009 agus d’athraigh sé ról na hUachtaránachta ar roinnt bealaí.

Chruthaigh sé dhá gníomhaí institiúideacha nua:

  • Uachtarán buan ar an Chomhairle Eorpach (cruinnithe mullaigh na gCeann Stáit agus Rialtais AE). Le linn Uachtaránacht na hÉireann in 2004, ba é an Taoiseach  a bhí ina  chathaoirleach ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí. Le linn Uachtaránacht na hÉireann in 2013, beidh an tUachtarán Herman Van Rompuy ina chathaoirleach ar gach cruinniú den Chomhairle Eorpach, agus is sa Bhruiséil a bheidh siad.  
  • Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, atá ina cathaoirleach ar an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, agus ionadaíonn an AE in eagraíochtaí idirnáisiúnta (dhá ról a bhíodh ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hUachtaránachta).  Tacaíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí  leis an Ardionadaí, an Banbharún Catherine Ashton faoi láthair.

Chuir sé le tionchar Pharlaimint na hEorpa. Tá cumhachtaí nua reachtaíochta ag an Pharlaimint, agus is í  anois a chinneann formhór reachtaíocht an AE, i gcomhpháirt le Comhairle na nAirí, faoin ngnáthnós imeachta reachtach.  Ag an Pharlaimint atá an focal deiridh faoi bhuiséad an AE.

Cuirfidh Éire mar Uachtaránacht tábhacht mhór le bheith ag obair go dlúth, dearfach leis an Pharlaimint. 

“D’institiúidigh” Conradh Liospóin an ní ar a dtugtar Uachtaránacht an Tríréid, faoina n-oibríonn trí Uachtaránacht i ndiaidh a chéile le clár polaitiúil 18 mí a fhorbairt. Cinntíonn sé sin leibhéal ard comhsheasmhachta agus comhordaithe in obair an AE.

Eagrú Uachtaránacht na hÉireann

Tá dlúthbhaint ag an Taoiseach, na hAirí agus ag na Ranna Rialtais uile le hUachtaránacht na hÉireann. Roinn an Taoisigh atá chun tosaigh le beartú agus le hullmhú na hUachtaránachta, ag obair go dlúth di leis Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, atá i gceannas ar lóistíocht na hUachtaránachta. Comhordaíonn Roinn an Taoisigh le gach Roinn Rialtais agus le Buanionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil le clár agus tosaíochtaí polaitiúla na hUachtaránachta a chinneadh. Eagróidh Ranna Rialtais ar leith réimse leathan cruinnithe agus imeachtaí i rith na hUachtaránachta. Beidh ról tábhachtach ag Ambasáidí na hÉireann freisin, le tosaíochtaí agus éachtaí Uachtaránacht na hÉireann a chur chun cinn agus a phoibliú thar lear.