Skip to main content Skip to secondary navigation

Ionaid na hUachtaránachta

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Dublin CastleIs é Caisleán Bhaile Átha Cliath an t-ionad lárnach do chruinnithe le linn na hUachtaránachta.  Mórshuíomh turasóireachta i bpríomhchathair na hÉireann is ea é, le nithe inspéise lena n-áirítear an Túr Meánaoiseach, Leabharlann Chester Beatty, an Banc Cosanta Lochlannach agus Árasáin an Stáit. Tá stair shaibhir ag an Chaisleán: bhí tábhacht leis ag cuid mhaith eochair-thréimhsí i stair na hÉireann agus tá ról tábhachtach aige i saol na hÉireann fós.

Sa 930aidí bhí dún Lochlannach san áit ina bhfuil Caisleán Bhaile Átha Cliath anois. Rinne na Normannaigh ionradh ar Bhaile Átha Cliath i 1169, agus i 1204 d’ordaigh Rí John Eoin Shasana go dtógfaí caisleán níos láidre, níos sábháilte, chun an chathair a  chosaint. As an chaisleán a d’éalaigh Aodh Rua Ó Dónaill i 1592. Ionad riaracháin coilíneach ab ea Caisleán Bhaile Átha Cliath ón 12ú go dtí an  18ú Céad. Scriosadh go leor den chaisleán i dtine i 1684 agus chuir an obair atógála  cóiríocht níos cuanna in ionad an struchtúir mheánaoisigh.   

Tar éis Acht an Aontais 1800, tháinig laghdú ar thábhacht an chaisleáin agus is ag ranna rialtais, an arm agus na póilíní a bhí sé in úsáid go príomha. Tar éis Chogadh na Saoirse agus síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh ina dhiaidh sin i 1921, tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath ar láimh go foirmiúil i mí Eanáir 1922 don cheannasaí míleata Micheál Ó Coileáin, mar ionadaí an Rialtais nua in Éirinn. Mhair an caisleán trí  léirscrios an Chogaidh Chathartha, agus úsáideadh go hoifigiúil den chéad uair i Saorstát Éireann é d’insealbhú Dhubhghláis de hÍde mar chéad Uachtarán na hÉireann i Halla Naomh Pádraig an 25 Meitheamh, 1938.

Ó shin i leith ba é Caisleán Bhaile Átha Cliath an t-ionad do roinnt de na cuimhneacháin is lárnaí i nuastair na hÉireann. Is ann a chuireann Uachtaráin Phoblacht na hÉireann tús lena dtréimhsí, agus is ann a chuirtear fáilte roimh Chinn Stáit, amhail an Dinnéar Stáit  in onóir na Banríona  Eilís II le linn a cuairte rathúla go hÉirinn sa bhliain 2011. Bíonn  cruinnithe de cheannairí tionscail, gnó, agus rialtais go rialta. Chomh maith leis sin, is ann a bhí imeachtaí tábhachtacha le linn Uachtaránachtaí AE na hÉireann ó 1975 i leith.

Gliogáil anseo dár leabhrán léirithe ar bhialanna, beáir, caiféanna agus tithe tábhairne in aice le Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Tá Caisleán Bhaile Átha Cliath ag obair le Deimhniú na hEorpa le deimhniú Caighdeán ISO a bhaint amach do Bhainistiú Inbhuanaithe Imeachtaí agus Bainistiú Comhshaoil araon.

Certification Europe ISO20121‌   Certification Europe ISO14001

Teach Farmleigh

Farmleigh, sin eastát 32 heicteár atá in iarthuaisceart Pháirc an Fhionnuisce in mBaile Átha Cliath.   Ar dtús ní raibh ann ach teachFarmleigh House beag Seoirseach a tógadh ag deireadh an 18ú haois, agus a cheannaigh Edward Cecil Guinness in 1873.  Sinseanathair dó ab ea Arthur Guinness, bunaitheoir na grúdlainne.  Cuireadh go mór leis, agus faoi thús an 20ú haois bhí gach áis ba ghá le maireachtáil go maorga agus le haíocht ardstíle a chur ar fáil ag Farmleigh.  Sa chuid inmheánach eicléicteach tá idir stíl chlasaiceach Sheacabaíneach agus stíleanna Louis XV, Louis XVI agus stíleanna Seoirseacha.   

Cheannaigh Rialtas na hÉireann Farmleigh ó theaghlach Guinness i 1999, agus tar éis a thuilleadh den athchóiriú, ghlac sé lena ról foirmiúil nua mar chóiríocht do dhaoine mór le rá ar cuairt agus aíonna an náisiúin, agus mar ionad do chruinnithe ardleibhéil rialtais. Tá an teach agus na tailte ar oscailt don phobal freisin, saor in aisce. 


Teach Bhaile an Chaisleáin

Castletown House

‌Tógadh Teach Bhaile an Chaisleáin i stíl Phólach san 18ú haois do William Connolly, Ceann Comhairle Theach Ionadaithe na hÉireann, an comóntach ba shaibhre in Éirinn an uair úd.  Sa bhliain 1994, aistríodh an teach go dtí an Stát agus á tá sé á bhainistiú anois ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Féachann sé le ceann de na tithe is tábhachtaí in Éirinn a chaomhnú do na glúine atá le teacht trí athchóiriú, caomhnú, éadáil fearann ​​páirce agus áiseanna do chuairteoirí a fhorbairt.

 

 

Tithe an Rialtais

Réimeas na Breataine in Éirinn a thóg Tithe an Rialtais ar Shráid Mhuirfean Uachtarach le haghaidh dhá roinn rialtais nua, chomh‌‌ maith leis an gColáiste Ríoga Eolaíochta. De thaisme is i Márta 1922 a críochnaíodh an coimpléacs, agus bhí sé ar fáil láithreach do rialtas nua Shaorstát Éireann. Le blianta beaga anuas, rinneadh athchóiriú iomlán ar an bhfoirgneamh chun cóiríocht nua-aimseartha a chur ar fáil do roinnt ranna, lena n-áirítear Roinn an Taoisigh, an Roinn Airgeadais agus Oifig an Ard-Aighne.

 

Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann

Is é Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann an foirgneamh is breátha in Éirinn17ú haois. James Butler, Diúc Urmhumhan agus Fear Ionaid Rí Séarlas II Shasana, a bhunaigh i 1684 é, mar bhaile do shaighdiúirí ar scor. Lean sé sa ról sin ar feadh beagnach 250 bliain. Ar Les Invalides i bPáras a bunaíodh stíl an fhoirgnimh.   
D’athchóirigh an Rialtas an foirgneamh agus a thailte i 1984 agus osclaíodh mar  Músaem Nua-Ealaíona na hÉireann (IMMA) i 1991 é.

 

Eurofound/Teach Bhaile Uí Lachnáin

Caisleán meánaoiseach a bhíodh mar a bhfuil Teach Bhaile Uí Lachnáin anois.  Sir William Domvile, Ard-Aighne sa 17ú haois, a thóg an teach. Tháinig sé i seilbh Rialtas na hÉireann go luath sna 1970í. Tá sé ar léas anois ag an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound). Comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh is ea Eurofound, a bhfuil saineolas aige i réimse an bheartais AE le dálaí maireachtála agus oibre níos fearr a phleanáil agus  a dhearadh san Eoraip. Is é is ról d'Eurofound eolas, comhairle agus saineolas a thabhairt - ar dhálaí maireachtála agus oibre, caidreamh tionsclaíoch agus athrú a bhainistiú san Eoraip - do ghníomhaithe tábhachtacha i réimse bheartas sóisialta an AE, ar bhonn faisnéise comparáidí, taighde agus anailíse.

 

Garraithe na Lus

Cumann Bhaile Átha Cliath (Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath anois) a bhunaigh Garraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon i 1795. Staidéir ar phlandaí a chur chun cinn,  chun críocha talmhaíochta, leighis agus eile, ba chuspóir dóibh, agus osclaíodh don phobal i 1800 iad. Tugadh na gairdíní don stát ag deireadh na 1800í agus lean siad ina n-ionad do thaighde agus oiliúint luibheolaíoch agus gairneoireachta. Sa Luslann Náisiúnta tá bailiúchán mór samplaí de phlandaí triomaithe. Sna gairdíní freisin tá breis is 300 speiceas atá i mbaol ó gach cearn den domhan, agus tá sé cinn acu díobhaí cheana féin ar fiáin.