Skip to main content Skip to secondary navigation

Scaifeanna d'Uachtaránacht na hÉireann

Is í an chuideachta Éireannach Éadaí Cniotáilte Áine, a bhuaigh a lán duaiseanna, agus atá lonnaithe i gCo an Chláir, a bhuaigh an tairiscint  le scaifeanna d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a dhearadh agus a tháirgeadh. D’fhostaigh an dearthóir Anne Behan McConnell ball breise foirne don tionscadail agus, le foireann triúr ban áitiúil, dearadh agus a táirgeadh 8,000 scaif i sé seachtaine. As olann uain atá na na scaifeanna, agus tá siad téalghorm le bailchríoch glas ag gach ceann díobh. Bhunaigh Anne Behan McConnell a dearadh ar ardchrosa na hÉireann agus d’úsáid sí lúb chaonaigh thraidisiúnta na hÉireann le gach scaif a chríochnú de láimh.