Skip to main content Skip to secondary navigation

Conas a mhaoinítear an AE

Airgeadas an AE

Caitheann an AE thart ar € 140 billiún in aghaidh na bliana sna Ballstáit uile, an chuid is mó de chun tacú le fás inbhuanaithe agus na hacmhainní nádúrtha a chaomhnú agus a bhainistiú . Ranníocann na Ballstáit isteach i mbuiséad an AE: ranníocaíocht na hÉireann in 2011, b'shin € 1.35bn. Tá Éire ina faighteoir glan ar mhaoiniú AE: is mó a fhaigheann sí ná a thugann sí.

Conas a mhaoinítear an AE

Is ionann buiséad bliantúil an AE agus thart ar 1% de shaibhreas náisiúnta an Aontais agus  caitear é chun feabhas a chur ar saol laethúil. Tharlódh gur bonneagar níos fearr, deiseanna do mhic léinn chun staidéar thar lear, rochtain níos éasca ar mhargaí níos mó do ghnólachtaí beaga, nó oiliúint do lucht cuardaigh fostaíochta a bheadh i gceist. Go díreach nó go hindíreach, baineann saoránaigh uile an AE leas as caiteachas an AE, mar shampla trí bhóithre níos fearr, bia níos sábháilte, nó i ráthú a gcuid buncheart. Ní mhaoiníonn buiséad an AE tionscadail ach amháin i réimsí beartais inar aontaigh gach tír san AE gur fearr na torthaí a bhainfidís amach dá ngníomhóidís le chéile ar leibhéal an Aontais, ar chostas níos ísle, ná dá ngníomhóidís ag leibhéal náisiúnta.

Conas a mhaoinítear buiséad an AE?

Ó thrí fhoinse a mhaoinítear buiséad an AE:

Conas a chaitear buiséad an AE?

Cé gur go bliantúil a aontaítear an buiséad , tá cur chuige fadtéarmach níos straitéisí ag an AE freisin maidir le pleanáil buiséid, ar a dtugtar an "creat airgeadais". Iomlán € 141,9 billiún a bhí sa bhuiséad do 2011.  Sa chreat reatha seacht mbliana, a rachaidh in éag in 2013, áirítear sé phríomhréimse caiteachais buiséid:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foinse: An Coimisiún Eorpach

  1. Fás inbhuanaithe. Seo gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhás agus fostaíocht a chur chun cinn trí bhreis iomaíochais agus comhtháthaithe a chothú  . Áirítear orthu sin taighde agus nuáil, oideachas agus oiliúint, beartas sóisialta, comhtháthú eacnamaíoch, comhar idir-réigiúnach, agus cóineasú na dtíortha agus na réigiún is lú forbairt san AE.
  2. Acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus a bhainistiú. Áirítear leis seo caiteachas ar an Chomhbheartais Talmhaíochta agus an Comhbheartas Iascaigh, agus ar bhearta comhshaoil.
  3. Saoránacht, saoirse, slándáil agus ceartas. Áirítear leis seo caiteachas ar an gceartas agus gnóthaí baile, cosaint na teorann, beartas inimirce agus tearmainn, sláinte phoiblí, cosaint tomhaltóirí, an óige, agus faisnéis agus comhphlé le saoránaigh.
  4. An AE mar imreoir domhanda. Caiteachas is ea é seo ar Ghníomhaíocht Sheachtrach an AE ("beartas eachtrach"). 
  5. Riarachán. Caiteachas riaracháin uile na n-institiúidí, pinsin na hEorpa agus an "Scoileanna Eorpacha" do pháistí na mball foirne. 
  6. Cúitimh. Ceannteideal sealadach lena n-áirítear íocaíochtaí cúitimh a bhaineann leis an leathnú is déanaí ar an AE.

An Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020

Nuair a thiocfaidh deireadh leis an ar an bplean caiteachais reatha fadtéarmach ag deireadh  2013, cuirfear Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua (CAI) ó 2014-2020 ina ionad.  Tá moltaí an Choimisiúin Eorpaigh don CAI 2014-2020 á n-athbhreithniú faoi láthair ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag Parlaimint na hEorpa.

Cé a dhréachtaíonn agus a bhainistíonn buiséad an AE?

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An buiséad an AE: a bhfuil baint ag gach céim

Dréachtú

Aontaítear agus bainistítear buiséad an AE go trédhearcach agus go daonlathach. an An Coimisiún a dhréachtaíonn an buiséad bliantúil. Ansin seoltar dréacht isteach le faomhadh chuig an gComhairle agus chuig an bParlaimint. Is féidir leis an dá Institiúid an dréacht a leasú ag an bpointe seo. Más rud é nach féidir leis an gComhairle agus an Pharlaimint aontú, bunaíonn siad Coiste Idir-réitigh a bhfuil 21 lá aige le bheith ag obair leis an dá institiúid le teacht ar réiteach. Mar sin féin, shocraigh Conradh Liospóin go soiléir gurb í an Pharlaimint ar deireadh thiar atá freagrach as an mbuiséad a ghlacadh. 

Bainistiú

Nuair atá an buiséad faofa ag an gComhairle agus ag an bParlaimint, is é an Coimisiún atá freagrach as é a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, dáiltear breis is 75% den bhuiséad go díreach ar na Ballstáit, agus is iadsan atá freagrach as cistí a leithdháileadh. Ansin tuairiscíonn na Ballstáit ar ais chuig an gCoimisiún faoin gcaoi ar caitheadh ​​an t-airgead.

Cuntasaíocht

An Coimisiún a iniúchann caiteachas na mBallstát, agus is féidir leis maoiniú a éileamh ar ais má aimsítear neamhrialtachtaí.  Tá an Coimisiún freagrach don Chúirt Iniúchóirí faoin dóigh a gcaitear airgead an AE. An Chúirt Iniúchóirí ar deireadh a fhaomhann cuntais an Choimisiúin.

Cad faoi Éirinn?

Tá roinnt Ballstát gur mó an t-airgead a ranníocann siad leis an AE ná mar a fhaigheann siad ar ais i maoiniú gach bliain (ranníocóirí glan) agus roinnt gur mó a fhaigheann siad ná a íocann siad (faighteoirí glan). Ranníocann gach Ballstát le buiséad an AE, cibé an glan-ranníocóir nó faighteoir glan iad. Faighteoir glan is ea Éire ó tháinig sí isteach san AE i 1973. Ó 1973-2011 fuair Éire € 67 billiún i maoiniú ón AE agus d'íoc sí thart ar € 25 billiún, rud a chiallaíonn gur mó ná € 42 billiún atá faighte aici. Fuair Éire maoiniú ó Chomhbheartas Talmhaíochta an AE, ó na Cistí Comhtháthaithe agus Struchtúracha le haghaidh infheistíochta sa bhonneagar agus caipiteal daonna, lena n-áirítear oideachas agus oiliúint. Tá sí tar éis maoiniú AE fháil do réimsí tosaíochta eile, amhail beartais iascaigh, taighde, agus an ciste an domhandaithe. Ba é € 1.35 billiún ranníocaíocht bhliantúil na hÉireann chuig an AE le haghaidh 2011. 

Coinníonn an Roinn Airgeadais staitisticí mionsonraithe faoin méid a fhaigheann Éire ón AE agus a íocann sí le buiséad an AE.