Skip to main content

Éire: leas á bhaint as acmhainneacht ballraíochta san AE

Éire: leas á bhaint as acmhainneacht ballraíochta san AE

Is mór an feabhas a tháinig ar shaol mhuintir na hÉireann ó chuaigh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) i 1973. Go háirithe, chlaochlaigh ár mballraíocht sa Mhargadh Aonair ár ngeilleagar go ceann de na geilleagair is oscailte ar domhan, le raon éagsúil de chomhpháirtithe trádála. Chabhraigh sí le ceann scríbe infheistíochta tarraingteach a dhéanamh dínn, agus tá maoiniú ón AE curtha i bhfeidhm go héifeachtach chun bonneagar nua-aimseartha agus córas an-láidir oideachais ar fud na tíre a chinntiú go. Earnáil bia na hÉireann, a bhí láidir go traidisiúnta, tá sí anois ina tiománaí 21ú haois fáis, agus tá nuáil agus taighde ag croílár ár sochaí fiontraíochta.


Inniu, i ngeall ar 40 bliain de bhallraíocht san AE, cuid mhór, tá ag muintir na hÉireann deiseanna níos fearr oideachais, iompar i bhfad níos fearr , timpeallacht níos glaine,  soghluaisteacht níos mó agus níos saoire san AE (ó tháillí aeir go muirir fánaíochta). Déanfar iadsan agus sochair eile a aibhsiú mar chuid de Bhliain Eorpach na Saoránach 2013.

Cuir eolas ar an dóigh, i ngach contae na hÉireann, a ndearna an AE difríocht.  Tá tábhacht leis an AE, do gach duine againn.

1. An geilleagar agus poist

Margadh Aonair

Ceann d'éachtaí is mó an AE is ea an  Margadh Aonair.  Díothaíodh srianta ar thrádáil agus ar iomaíocht shaor idir na Ballstáit. Cuireadh deireadh le gach  rialú teorann ar earraí laistigh den AE, chomh maith le rialuithe custaim ar dhaoine. Is mó an t-aitheantas frithpháirteach ar cháilíochtaí oideachais agus gairme. Is féidir le cáilíochtaí na hÉireann tú a thabhairt  ar fud na hEorpa anois. 

Is féidir le saoránaigh an AE cónaí agus obair in aon Bhallstát, rud a chuireann go mór le deiseanna agus leis na poist atá ar fáil d'oibrithe Éireannacha.
 
Chruthaigh an margadh aonair deiseanna níos mó do lucht gnó na hÉireann, ag cuidiú leo chun breathnú thar a margaí traidisiúnta sa Ríocht Aontaithe, agus díriú ar onnmhairí ar mhargadh níos mó, spreagúil, an AE. Tá rochtain gan bhac ag gnólachtaí na hÉireann ar mhargadh ina bhfuil beagnach 500 milliún duine. Cruthaíodh thart ar 700,000 post in Éirinn ó 1973, agus tá méadú faoi 90 tagtha ar an trádáil. Trí shocruithe trádála AE is féidir le honnmhaireoirí na hÉireann díol níos éasca agus níos saoire isteach i margaí domhanda, mar shampla i An Chóiré Theas, an Afraic Theas agus Meiriceá Láir.

Ciste Comhtháthaithe

Nuair a chuamar isteach san AE i1973, bhí Éire fós ina geilleagar beag, talmhaíochta a bhí ag brath den chuid is mó ar thrádáil leis an gcomharsa ba chóngaraí di, an Ríocht Aontaithe. Thug an bhallraíocht rochtain ar thacaíocht airgeadais trí Chistí Struchtúracha don tír. Rinne Éire infheistiú mór in uasghrádú a bonneagair iompair, rud a thacaigh le fás tapa sa fhiontraíocht agus in onnmhairí. Bhain réigiúin na hÉireann tairbhe freisin as an maoiniú Comhtháthaithe: dhírigh an infheistíocht ar fhorbairt réigiúnach le caighdeáin mhaireachtála agus forbartha níos airde a bhaint amach ar fud na tíre.

Talmhaíocht

Nuair a chuaigh Éire leis an CEE i 1973 b'í an talmhaíocht an tionscal ba thábhachtaí – b'ionann í agus 40% na n-onnmhairithe chuig an Ríocht Aontaithe, an margadh easpórtála ba mhó.  Cé go bhfuil onnmhairí na hÉireann éagsúlaithe go mór in ár 40 bliain de bhallraíocht (16% d'onnmhairithe earraí iomlána ag dul go dtí an Ríocht Aontaithe anois i gcomparáid le 55% i 1973),  eochair do gheilleagar na hÉireann fós is ea an talmhaíocht. 

Le blianta beaga anuas tá an talmhaíocht i measc na bpríomhthiománaithe téarnaimh agus fáis, óir nuachóiríodh í chun dul san iomaíocht sa mhargadh nua, Eorpach agus domhanda. Ó 2007 go 2011 bhí barrachas € 9bn i dtrádáil i dtáirgí agraibhia ag Éirinn lenár gcomhpháirtithe trádála AE. In 2011, is ó na hearnálacha agraibhia agus deochanna a.tháinig 11% dár n-onnmhairí foriomlána. 

Thug an Comhbheartas Talmhaíochta  (CBT) tacaíocht ríthábhachtach d'fheirmeoirí na hÉireann, a chuir ar a gcumas a gcuid feirmeacha a leathnú, a gcuid trealaimh a uasghrádú agus rochtain a fháil ar oiliúint.  Fairis sin thug ballraíocht san AE margadh ollmhór inmheánach saor ó bhac de leath billiún tomhaltóirí le haghaidh ár dtáirgí talmhaíochta.
d'Éirinn. 

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil amach ar shuíomh gréasáin na gníomhaireachta ar onnmhairí rialtais bia, Bord Bia.

Taighde agus forbairt

 Tá clú idirnáisiúnta don taighde agus don nuáil tuillte ag Éirinn, ag tarraingt go héifeachtach ar níos mó ná € 400m de mhaoiniú an AE tríd an Seachtú Clár Réime agus ar an gCiste Taighde agus Forbartha. Glacann taighdeoirí na hÉireann páirt i dtionscadail ard-chaighdeáin taighde uile-Eorpacha dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó atá os comhair an domhain, ó dhul i ngleic le hailse agus galar Alzheimer do gheilleagar ísealcharbóin. Bhí Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBM) thar a bheith éifeachtach le tacaíocht taighde AE a mhealladh is lia na FBManna in Éirinn a fhaigheann tacaíocht ón Seachtú Clár Réime ná in aon Bhallstát eile. 

Clár Oibre Digiteach don Eoraip

Tá Éire ag croílár thionscal dhigitigh na hEorpa (tá 9 de na 10 gcuideachta is fearr ar domhan  in Éirinn). An Clár Oibre Digiteach don Eoraip, sin clár AE a fhéachann le geilleagar na hEorpa atosú agus le cabhrú le saoránaigh na hEorpa agus le gnólachtaí an chuid is mó a fháil as na teicneolaíochtaí digiteacha. Is treoirthionscnamh faoi Eoraip 2020 é, sin straitéis an AE chun fás inbhuanaithe uileghabhálach cliste a fháil. 

Mná ag obair

Tá comhionannas inscne ina chuid bhunúsach de dhlí an AE. Chinntigh an reachtaíocht Eorpach maidir le comhionannas san ionad oibre go bhfuil fir agus mná na hÉireann i dteideal pá chomhionainn an jab céannaa a dhéanamh, go bhfaighidh siad cóir chomhionann,   chothrom san obair agus go bhfuil mná i dteideal saoire mháithreachais. Bhí tionchar mór ag an AE ar ar mhná na hÉireann. Sa dul chun cinn tábhachtach áirítear an t-ardú ar líon na mban mar chéatadán den fhórsa oibre iomlán - suas ó 34% sa bhliain 1973 go 56% in 2011 - agus laghdú na bearna pá inscne. Thuilleadh bean 47% de thuilleamh an fhir sa bhliain 1973, ach anois tuilleann sí 86% de thuilleamh an fhir, os cionn mheán an AE. Tá a thuilleadh le déanamh, ach tá Éire tar éis bogadh i bhfad sa treo ceart. 

Cearta oibrithe

Tá de cheart ag gach saoránach Éireannach anois cónaí, obair, staidéar a dhéanamh agus dul ar scor in aon Bhallstát san AE. Tá an AE tar éis cabhrú le cearta oibrithe a chosaint agus a fheabhsú trí éagsúlacht rialachán, mar shampla ar uaireanta oibre agus conarthaí.

Ciste Sóisialta na hEorpa

Tacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa  (CSE) le cruthú post agus le poist níos fearr san AE, le comh-mhaoiniú ar thionscadail náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun feabhas a chur ar leibhéil na fostaíochta, ar chaighdeán na bpost agus ar chuimsitheacht an mhargaidh saothair. Ós chuaigh Éire isteach san AE, d'infheistigh an CSE os cionn € 6 billiún in oideachas, oiliúint agus i gcruthú fostaíochta in Éirinn. Infheistíodh é seo go héifeachtach ar fud réigiúin na hÉireann, rud a d'ardaigh rochtain ar ardoideachais do chách.

Poist AE

Tá deiseanna fostaíochta spreagúla go leor do shaoránaigh na hÉireann laistigh de na hinstitiúidí AE, chomh maith le oscailtí do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí sa Ghaeilge acu, mar aistritheoirí, teangairí, agus dlítheangeolaithe. Soláthraíonn an suíomh gréasáin Poist AE  eolas ar na deiseanna atá ar fáil. Faigh tuilleadh eolais faoi dhul go dtí an Bhruiséil, bheith i do chónaí ann, agus bogadh suas an dréimire i Leabhar Uaine. Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn.

2. Oideachas

Maoiníonn an AE go leor tionscnamh agus tionscadal atá dírithe ar gach leibhéal oideachais, ón mbunscoil go dtí an ollscoil, ag cuidiú le ceann de  phríomhshócmhainní na hÉireann a chruthú : ár n-oibrithe óga, oilte, a bhfuil dea-oideachas orthu. 

Is é clár Erasmus  príomhchlár oideachais / oiliúna an AE, rud a ligeann do mhic léinn am a chaitheamh ag staidéar in ollscoil i dtír Eorpach eile. Glacann timpeall 200,000 mac léinn páirt ann gach bliain, lena n-áirítear thart ar 2,000 ó Éirinn. Tá fréamhacha  Éireannacha agErasmus: Iar-Choimisinéir na hÉireann, Peter Sutherland, a sheol i 1985 é. Cuireann Blag Erasmus  léargais bhreise ar thaithí na hÉireann ar chlár Erasmus ar fáil.

Beidh Erasmus do Chách, clár a thugann le chéile na scéimeanna AE don oideachas, óige oiliúint, agus an spórt, ina thosaíocht ag Uachtaránacht na hÉireann 2013.

Déanann an clár AE An Óige ag Bogadh, mar chuid de straitéis Eoraip 2020, raon beart a bhfuil fúthu oideachas agus oiliúint a dhéanamh níos ábhartha do riachtanais na n-óg ar agus iad a spreagadh níos mó le leas a bhaint as deontais an AE chun staidéar nó oiliúint a dhéanamh i dtíortha eile san AE. 

3. Taisteal agus saoirse gluaiseachta

Tá an AE tar éis go leor de na constaicí a bhaint a dhéanadh deacrachtaí do shaoránaigh na hÉireann taisteal gan bhac laistigh den AE san am atá caite. Is mór a chuidigh deireadh a chur le rialuithe teorann le saorghluaiseacht laistigh den Eoraip.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Cuireann an Cárta Sláinte Eorpach cumhdach agus rochtain ar chúram do shaoránaigh uile na hÉireann ar fáil má bhíonn siad tinn nó má bhíonn tionóisc acu agus iad ag taisteal san AE. Nochtadh é le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2004.

Eitiltí

A bhuí le reachtaíocht AE a léirscaoil earnálacha  iompair (Coimisinéir na hÉireann Peter Sutherland a leasaigh earnáil na n-aerlíne sna 1980í), is saoire i bhfad anois do shaoránaigh an AE taisteal laistigh den AE. Cuireann reachtaíocht an Aerspáis Eorpaigh Aonair  srian freisin le praghsáil neamhiomaíoch. Ciallaíonn dlíthe AE ar chearta phaisinéirí aeir gur féidir le paisinéirí cúiteamh a éileamh anois as eitiltí a cealaíodh nó ar cuireadh moill orthu. 

 Fánaíocht

D'ísligh léirscaoileadh mhargadh na teileachumarsáide costais chumarsáide go suntasach do shaoránaigh na hÉireann, mar a rinne an uasteorainn ar mhuirir fánaíochta d'fhón póca agus iad ag taisteal i mBallstáit eile san AE. Bhí Éire i measc na chéad Bhallstát a bhrúigh é sin ar aghaiedh i lár na 2000í.

 

Airgeadra

Tá an euro mar airgeadra ag 17 mBallstát anois, rud a thugann cinnteacht rátaí malairte do thrádálaithe laistigh de  limistéar an euro agus áis iontach do thurasóirí.

4. Cearta Tomhaltóirí

Tugann an AE cosaint do thomhaltóirí agus iad ag siopadóireacht ar fud an AE. Tugann  Líonra na Lárionad do Thomhaltóirí na hEorpa (ECC-Net) faisnéis saor in aisce agus comhairle do thomhaltóirí, agus cuidíonn sé le tomhaltóirí le díospóidí i gcoinne trádálaithe atá lonnaithe i mBallstáit eile. Tugann an comhlacht AE SOLVIT comhairle saor in aisce do ghnólachtaí a bhfuil fadhbanna trasteorann acu i ngeall ar dhroch-chur i bhfeidhm dhlí an AE ag údaráis phoiblí an AE.

5. Comhshaol

 Tá reachtaíocht comhshaoil ​​na hEorpa mar bhonn le feabhas ollmhór atá tagtha ar  chomhshaol na hÉireann. Ní dhumpáiltear séarachas amh i Muir na hÉireann a thuilleadh. Tá an saol muirí in uiscí cósta na hÉireann ag baint tairbhe as uisce farraige agus tránna níos glaine. Spreag rialacháin maidir le bainistíocht dramhaíola agus maoiniú ón gCiste Comhtháthaithe infheistíocht i scéimeanna draenála agus diúscairt sábháilte bruscair. Ní hamháin gur chuir sé sin feabhas ar an timpeallacht ach chruthaigh sé poist freisin.