Skip to main content Skip to secondary navigation

Beartas Príobháideachais

Beartas Príobháideachais

Má dhéanann tú brabhsáil ghinearálta ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn, cé go mbíonn faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse Idirlín. Féadfar a bheith san fhaisnéis seo seoladh loighciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat, an t-ainm fearainn barrleibhéil óna bhfaigheann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla,.ie, .com, srl.), an cineál brabhsálaí atá in úsáid agat, an dáta agus an t-am a ndéanann tú rochtain ar ár suíomh agus an seoladh Idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár suíomh.


Úsáidtear cuid den eolas thuas chun staitisticí achoimre a chruthú, a ligeann dúinn líon na gcuairteoirí ar ár suíomh a mheas, agus a aithint cé na leathanaigh is minice a bhféachtar orthu. Is chun cuidiú linn ár suíomh a dhéanamh níos áisiúla don úsáideoir a bhainimid úsáid as na staitisticí sin.