Gnóthaí Geilleagracha agus Airgeadais(ECOFIN)
Pléann an Chomhairle Gnóthaí Geilleagracha agus Airgeadais (Ecofin) le beartas geilleagrach a chomhordú, faireachas geilleagrach, faireachán a dhéanamh ar bheartas buiséid agus airgeadais phoiblí na mBallstát, an euro (gnéithe dlíthiúla, praiticiúla agus idirnáisiúnta), margaí airgeadais agus le gluaiseachtaí caipitil, agus caidreamh geilleagrach le tríú tíortha. Gach Samhain críochnaíonn Ecofin, agys é ag teacht le chéile sainchumraíocht buiséid AE, an tIdir-réiteach le Parlaimint na hEorpa ar Bhuiséad bliantúil an AE. Tá an Chomhairle comhdhéanta d'Airí Airgeadais agus Geilleagracha na mBallstát, mar aon leis na hAirí AE atá freagrach as an mbuiséad nuair a bhíonn ceisteanna buiséadacha á bplé. Faoi chathaoirleacht na hUachtaránachta rothlaí (.i. Éire don chéad leath de 2013) a thagann an Ecofin rialta le chéile uair sa mhí, lena n-áirítear cruinniú neamhfhoirmeálta amháin in aghaidh na hUachtaránachta.
Ar shuíomh gréasáin na Comhairle is féidir leat teacht ar fhaisnéis faoi gach cruinniú de chuid na Comhairle, lena n-áirítear an clár oibre, nóta cúlra, agus craoladh gréasáin ar gach seisiún oscailte.
Déanfaimid beoshruthú ar phreasagallaimh ar ionad preasa an tsuímh ghréasáin seo, agus íomhánna agus físeáin faoin ócáid, agus preas-eisiúintí, a chur ar an leathanach seo.
Justus Lipsius
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter