Skip to main content
cge

GYMNICH (Cruinniú neamhfhoirmiúil Airí Gnóthaí Eachtracha)

22.03.2013 - 23.03.2013

addToCalendar
Cuir le m'Fhéilire

Beidh Cruinniú Neamhfhoirmiúil d’Airí Gnóthaí Eachtracha an AE, a chomh-óstáil ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Eamon Gilmore, agus faoi chathaoirleacht Ardionadaí an AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Catherine Ashton, ar siúl an 22 agus an 23 Márta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Beidh ionadaithe ó Choimisiún an AE agus Parlaimint na hEorpa rannpháirteach sa chruinniú.

Cruinniú neamhfhoirmiúil is ea é agus dá bhrí sin ní ghlacfar aon chonclúidí nglactar - tugtar  "Gymnich" air as an gcaisleán sa Ghearmáin mar ar tionóladh an chéad chruinniú dá leithéid le linn Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an AE i 1974. Éascaíonn sé seo plé oscailte i measc na nAirí Gnóthaí Eachtracha faoi shaincheisteanna straitéiseacha bheartas eachtraigh atá ann faoi láthair nó atá  fadtéarmach. 

Meastar go ndíreofar plé i measc na nAirí Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar:
- Athbhreithniú ar Sheirbhís Gníomhaíochta Seachtraí an AE tar éis an chéad dá bhliain aici i bhfeidhm
- Conas is féidir leis an AE feabhas a chur ar a Chomhpháirtíochtaí le hEagraíochtaí Réigiúnacha


Féadfaidh na hAirí aghaidh a thabhairt ar roinnt dúshlán beartais eachtraigh atá os comhair an AE freisin.


Is dócha go bpléifear an tSiria tar éis chonclúidí na Comhairle Eorpaí an 15 Márta.

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Caisleán Bhaile Átha Cliath, 2 Pálás, Baile Átha Cliath 2, Co Bhaile Átha Cliath, Éire

Cáipéisí

 
Diary Notice
135kb PDF

Teagmhálacha

picture of Dearbhla Doyle, Comhfhreagraí Eorpach, an Fhoroinn Pholaitiúil:
CFSP, EEAS-Caidreamh Seachtrach an AE

Dearbhla Doyle, Comhfhreagraí Eorpach, an Fhoroinn Pholaitiúil: CFSP, EEAS-Caidreamh Seachtrach an AE

T:

M:

E:

picture of Philip Grant, Preasoifigeach

Philip Grant, Preasoifigeach

T:

M:

E:

picture of Andrea Pappin, Urlabhraí Preasa na hUachtaránachta

Andrea Pappin, Urlabhraí Preasa na hUachtaránachta

T:

M:

E:

picture of Gerald Angley, Stiúrthóir Polasaí Cumarsáide

Gerald Angley, Stiúrthóir Polasaí Cumarsáide

T:

M:

E: