Sa chéad seachtain iomlán d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh beidh sraith cuairteanna ardleibhéil ar Bhaile Átha Cliath ón Uachtarán Van Rompuy, ón Uachtarán Barroso agus ón gCoimisiún Eorpach ar fad.
Cruinniú le Herman Van Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí (9 Eanáir)
An 9 Eanáir, beidh an Taoiseach agus an Tánaiste ag bualadh le Herman Van Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chun plé a dhéanamh ar chomhoibriú idir an Uachtaránacht agus an Chomhairle i réimsí lena n-áirítear maoiniú an AE feasta agus moltaí an Aontais Baincéireachta.
Tar éis an chruinnithe beidh preasagallamh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar 13.45 (am na hÉireann). Ní mór do na meáin creidiúnú - is féidir é sin a shocrú ar líne anseo.
Cruinniú le Coláiste na gCoimisinéirí (10 Eanáir)
Buailfidh an Rialtas leis an gCoimisiún Eorpach i mBaile Átha Cliath an 10 Eanáir le clár agus tosaíochtaí.Uachtaránacht na hÉireann ar an AE a phlé.
Beidh cruinniú iomlánach idir an Chomh-Aireacht agus na Coimisinéirí Eorpacha ag díriú ar chuspóirí Uachtaránacht na hÉireann a bhaint amach, le cobhsaíocht a chur chun cinn agus filleadh ar fhás eacnamaíoch agus cruthú post. Ina dhiaidh beidh cruinniú gearr idir an Taoiseach agus José Manuel Barroso, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.
Beidh na hAirí a bheidh ina gcathaoirligh ar Chomhairlí ag teacht le chéile freisin lena gcomhghleacaithe ón gCoimisiún i gcruinnithe téamacha ag díriú ar shaincheisteanna beartais sonracha i réimsí lena n-áirítear dífhostaíocht an n-óg a throid, comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus fás eacnamaíoch agus cruthú post tríd an Margadh Aonair agus an Clár Oibre Digiteach a spreagadh.
Tar éis na gcruinnithe sin beidh preasagallamh ar 12.30 (am na hÉireann) leis an Taoiseach an Tánaiste agus an tUachtarán Barroso. Ní mór do na meáin creidiúnú - is féidir é sin a shocrú ar líne anseo.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter