Skip to main content
eycs

Uachtaránacht AE na hÉireann le díriú ar thacú le fostaíocht na n-óg– Fitzgerald

15.01.2013, 09:11 GMT


Dúirt Frances Fitzgerald TD, Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, a bhfuil Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh ar Chomhairle na nAirí Óige tógtha ar láimh aici, go ndíreoidh Uachtaránacht na hÉireann ar ról na oibre don aos óg chun tacú le fostaíocht na n-óg agus an tábhacht a bhaineann le caighdeáin cháilíochta in obair don aos óg. D'fhógair sí comhairliúchán ar fud an AE le daoine óga a thiocfaidh chun buaice le Comhdháil mhór Óige AE a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí an Mhárta agus d'fhógair sí freisin na dátaí do thrí imeacht comhairliúcháin in Éirinn.

Dúirt an tAire Fitzgerald: "Seoladh Clár Uachtaránacht na hÉireann ar an AE an tseachtain seo.  Díríonn sé ar chobhsaíocht, poist agus fás agus tá dífhostaíocht na n-óg mar chuspóir tosaíochta ann.

D'fhógair an tAire go mbeidh Baile Átha Cliath mar óstach ar Chomhdháil mhór Óige AE a  bheidh mar bhuaicphointe ar chomhairliúchán leanúnach ar fud an AE le daoine óga.

Dúirt an tAire Fitzgerald: "Seoladh Clár Uachtaránacht na hÉireann ar an AE an tseachtain seo.  Díríonn sé ar chobhsaíocht, poist agus fás agus tá dífhostaíocht na n-óg mar chuspóir tosaíochta ann.  

"Is téama é seo a mbeidh mé ag obair air le linn m'Uachtaránachta ar Chomhairle Airí Óige an AE, go háirithe trí thosaíocht a thabhairt don chuspóir atá sa chlár oibre fáis Eoraip 2020 "obair na n-óg a fhorbairt mar acmhainn chun tacú le hinfhostaitheacht na n-óg".  

"Tá aitheantas ag fás ar fud na hEorpa ar acmhainneacht na seirbhísí oibre don aos óg chun cur le bearta gníomhachtaithe agus infhostaitheacht a fheabhsú do dhaoine óga, go háirithe leo siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais nó oiliúna – cohórt NEET, mar a thugtar orthu. Bíonn seirbhísí oibre don aos óg, agus is comhlánú ar an oideachas foirmiúil iad, ag oibriú i suíomh neamhfhoirmiúil lasmuigh den scoil agus cheana féin cuireann siad leibhéal suntasach gafachta le cohórt seo NEET ar fáil. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh seirbhísí oibre don aos óg breisluach a thabhairt nach mbíonn ar fáil go réidh do chláir ghníomhachtaithe eile trí sheirbhísí tacaíochta agus caidrimh a thairiscint do dhaoine óga agus trí chláir idirlinne a sholáthar atá dírithe ar scileanna a fhorbairt le hullmhú chun post a fháil.  

Dúirt an tAire go "mbeidh an méid a dhéanann obair don aos óg le spriocanna Eoraip 2020 a bhaint amach i measc na dtosaíochtaí a mheasfaidh Comhairle na nAirí Óige le linn Uachtaránacht na hÉireann agus beidh an téama sin mar fhócas freisin ag cruinniú saineolaithe a ndéanfaidh mé a óstáil in Éirinn i mí an Mheithimh. "

D’fhógair an tAire Fitzgerald freisin inniu go mbeidh sí mar óstach ar Chomhdháil Óige AE ó 11 go 13 Márta, a bheidh ar siúl san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann. Beidh sé seo ar cheann de na himeachtaí is mó a bheidh ar siúl in Éirinn le linn na hUachtaránachta a bhainfidh le daoine óga agus lucht déanta beartas ó 27 ballstáit an AE. Beidh an chomhdháil mar bhuaicphointe ar chomhairliúchán leathan ar fud an AE le daoine óga a mbeidh ionchur aige ar chinntí beartais ag cruinniú de Chomhairle na nAirí i mBealtaine.

Mar chuid den chomhairliúchán ar fud an AE le daoine óga, d'fhógair an tAire go bhfuil a Roinn chomh maith le Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann ag eagrú trí imeacht comhairliúcháin réigiúnacha do dhaoine óga idir 15-30, mar a leanas:

  • Óstán Glasshouse, Sligeach, Dé Sathairn 26 Eanáir, 2013 ó 11:00-15:30
  • Óstán Clarion, Corcaigh, Dé Sathairn 2 Feabhra, 2013 ó 11:00-15:30
  • Óstán Gresham, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 9 Feabhra, 2013 ó 11:00-15:30


Sonraí breise ar Leathanach Uachtaránachta na Roinne.

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Clare Heenan, Oifigeach Preasa

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›