Mar chuid de Chlár Cultúir Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, uaslódálann Tionscadal na hÉigse dán agus saothar ealaíne físeáin a ghabhann leis gach seachtain, le cruthaitheacht liteartha agus físe na hÉireann a cheiliúradh.
Gach seachtain ó 1 Eanáir go deireadh Mheithimh 2013 beidh tú in ann obair ealaíontóirí agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn a leanúint, agus aithne a chur ar Éirinn trí shúile eile. Tá na dánta seachtainiúla ó Thionscadal na hÉigse go hiomlán saor in aisce. Is féidir leat gach saothar nua a léamh gach Luan ar a suíomh gréasáin. Gabhann físeán le gach dán.

Coinneoidh EU2013.ie ar an eolas thú faoi na dánta seachtainiúla tríd an leathanach seo agus trínár gcuntas twitter.
Is iad Féile Ealaíon Chionn tSáile i gcomhar le hÉigse Éireann agus Acadamh Ríoga na h Éireann a bhunaigh Tionscadal na hÉigse. Is iad Gerard Smyth, Eagarthóir Éigse an Irish Times agus Joseph Woods, Stiúrthóir Éigse Éireann, a roghnaigh na dánta. An scríbhneoir agus coimeádaí Gemma Tipton agus Patrick T. Murphy, Stiúrthóir ar Acadamh Ríoga na h Éireann a roghnaigh agus a choimisiúnaigh na saothair físe. Tá Tionscadal na hÉigse á chur i láthair mar chuid de Chlár Cultúir Uachtaránacht an AE, le tacaíocht bhreise ó Fhoras na Gaeilge.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter