Skip to main content
cgg

Airí Gnóthaí Eorpacha i mBaile Átha Cliath leis na chéad chéimeanna eile don daonlathas san AE a phlé

18.01.2013, 17:59 GMT


Iarrann an tAire Creighton ath-thiomnú na hEorpa dá saoránaigh, toisc nach mbraitheann ach 33% go gcloistear a nguth san AE. Cruinniú BÁC leis an méadú a phlé freisin.

Beidh an tAire Éireannach do Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton TD, ag óstáil  chruinnithe dá macasamhla san AE i mBaile Átha Cliath 20-21 Eanáir.
 
Le suirbhé Eoraibharaiméadair speisialta foilsithe anuraidh (Eorabharaiméadair 379 ar Thodhchaí na hEorpa) a léirigh nach n-aontaíonn ach 33% de mhuintir na hEorpa go gcloistear a nguth san AE, beidh fócas ar leith ag an gcruinniú ar dhlisteanacht dhaonlathach agus ar chuntasacht.  Is gné lárnach í an cheist seo d'obair Uachtarán na Comhairle Eorpaí Herman Van Rompuy ar Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
 
Mar bhonn don phlé, choimisiúnaigh an tAire Creighton páipéar ó Brigid Laffan, Ollamh le Polaitíocht Eorpach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, The Fourth Pillar of a Genuine EMU – Democratic Legitimacy and Accountability. Cuirtear ceisteanna ar leith sa pháipéar chun plé na nAirí a threorú. Thug an tAire cuireadh chuig an gcruinniú d'ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón Oireachtas, ) agus ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.

An tAire Éireannach do Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton: Creidim go láidir gur gá dúinn ionchas Eorpach na dtíortha is iarrthóirí a choimeád ar bun agus a threisiú. Baineann sé le síocháin agus slándáil san Eoraip agus tá tionchar aige orainn uile. Ónár taithí dhíreach féin le daichead bliain anuas, tá a fhios Éire go maith an méid is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh le tacú leis an bpróiseas athchóirithe agus forbartha.

Ag caint di roimh an bplé, dúirt an tAire Creighton, “léirigh an ghéarcheim le déanaí gur mar chuid den fhadhb a d'fheiceadh muintir na hEorpa an tAontas ar dtús, ach anois is mian leo é a fheiceáil mar chuid den réiteach.  Is ar réitigh d'fhás agus do phoist atá fócas Uachtaránacht na hÉireann, ach is gá go mbraithfeadh daoine níos gafa, níos nasctha, go bhfuiltear ag éisteacht leo.  Agus na chéad chéimeanna eile á nglacadh againn ar bhealach an chomhtháthaithe airgeadais agus eacnamaíochta níos dlúithe, is gá dúinn plé tromchúiseach faoi na slite lena chinntiú go gcloisfear a nguthanna dáiríre."  

Glacfaidh na hAirí an deis freisin leis na hionchais do mhéadú breise an Aontais Eorpaigh a mheas. Tugadh cuireadh freisin d'ionadaithe na gcúig thír is iarrthóirí reatha (an Íoslainn, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc), agus Dé Luain an 21 Eanáir beidh an tAire Creighton ina hóstach ar lón oibre le haghaidh malartú tuairimí maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an méadú.    
 
 "Creidim go láidir gur gá dúinn ionchas Eorpach na dtíortha is iarrthóirí a choimeád ar bun agus a threisiú. Baineann sé le síocháin agus slándáil san Eoraip agus tá tionchar aige orainn uile. Ónár taithí dhíreach féin le daichead bliain anuas, tá a fhios Éire go maith an méid is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh le tacú leis an bpróiseas athchóirithe agus forbartha, "a dúirt an tAire.

An lá roimhe sin, beidh cruinniú ar leith ag an Aire le hionadaithe ó na trí iarrthóir ionchasacha ón na Balcáin Thiar (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus sa Chosaiv) chun plé a dhéanamh ar a ndul chun cinn sa phróiseas Aontachais agus le ceist níos leithne na dlisteanachta daonlathaí agus na cuntasachta a mheas.

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Sinead Ní Coitir , Príomhoifigeach Cúnta

T:

M:

E:

Gráinne Hynes, Príomhoifigeach Cúnta

T:

M:

E:

Andrea Pappin, Urlabhraí Preasa na hUachtaránachta

T:

M:

E:

Gerald Angley, Stiúrthóir Polasaí Cumarsáide

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›