Skip to main content
tte

Críochnaíonn Uachtaránacht na hÉireann idirbheartaíocht ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise

29.01.2013, 16:15 GMT


Tionóladh pléití deiridh le Parlaimint na hEorpa inniu chun teacht ar chomhaontú ar oibriú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA).

Lárionad saineolais i Slándáil Líonra agus Faisnéise is ea an Ghníomhaireacht seo, a bunaíodh ar dtús chun feabhas a chur an chórais chíbearshlándála an AE, trí shaineolas, anailís sonraí, ardú feasachta agus comhpháirtíochtaí poiblí / príobháideacha a fhorbairt chun tairbhe do chách.  De bharr nádúr síorathraitheach na teicneolaíochta, aitníodh ag leibhéal an AE an gá le sainchúram na Gníomhaireachta a uasdátú, agus críochnaíodh an plé inniu le Parlaimint na hEorpa faoin tslí inar chóir é sin a bhaint amach. Ag tógáil ar obair mhór agus ar dhul chun cinn Uachtaránacht na Cipire, thángthas ar chomhaontú inniu, faoi réir fhormheas críochnaitheach ó Choiste na mBuanionadaithe, a thabharfaidh gníomhaireacht threisithe, ar fearr a bheidh sí in ann freastal ar na dúshláin agus éilimh theicneolaíochta atá os comhair an AE anois agus feasta. 

Nóta Cúlra

Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA). Rialachán AE in 2004 a chruthaigh ENISA, le sainordú 5 bliana, a fadaíodh ina dhiaidh sin go 2012. Cuirfidh an Rialachán nua a fad breise leis an sainordú. Tá ENISA lonnaithe in Heraklion, An Ghréig.

Á CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›