Shroicheamar 5,000 leantóir ar Twitter ... agus is ag fás linn atáimid.
Tosaíocht d’Uachtaránacht na hÉireann is ea an clár oibre digiteach, agus is gnéithe lárnacha dár sé mhí iad réimse táirgí insoláthartha beartais agus imeachtaí ar nós an Tionól faoin gClár Digiteach. Mar sin, agus 5,000 leantóir againn tar éis míosa amháin dár nUachtaránacht, líon atá fós ag fás, tá an-áthas ar Éirinn gur aici atá an Uachtaránacht AE is mó leantóirí ar Twitter go dtí seo. Go raibh maith agat as do chuid spéise! Fairis sin bhí 130,000 cuairt ar ár suíomh gréasáin go dtí seo - tá súil againn go bhfuil sé úsáideach duit.
Lean sinn ar Twitter