Skip to main content
cgg

Tánaiste: A bhfuil ón Eoraip anois, sin cinnteacht

04.02.2013, 12:00 GMT


Tar éis Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an lae inniu , labhair Uachtarán na Comhairle, an Tánaiste Eamon Gilmore, faoi Chreat ilbhliantúil Airgeadais an AE:

"A bhfuil ón Eoraip anois, sin cinnteacht. Sílim go bhfuil tuiscint sna Ballstáit agus in institiúidí an AE ar an tábhacht atá le  comhaontú a thabhairt i gcrích ar bhuiséad AE na 7 mbliana romhainn – don chomhartha a sheolfaidh sé sin chuig an Eoraip féin, chuig a  cuid saoránach, institiúidí polaitiúla agus an domhan mór. Tá duais an-mhór le baint amach.

"Má theiptear  teacht ar chomhaontú, cruthófar  fadhb bhreise a bhféadfadh an Eoraip déanamh gan í."

Tá tuiscint san Eoraip gur gá dúinn  bogadh ar aghaidh agus dul chun cinn a dhéanamh. Ní féidir leis an Eoraip fanacht sáite i bplé géarchéime. Comhaontú a fháil ar CAI, tá sé thar a bheith tábhachtach sa chomhthéacs sin. Cruthóidh sé cinnteacht, cobhsaíocht agus muinín san Eoraip, nithe a  spreagfaidh infheistíocht agus fás."

Dhírigh Comhairle Gnóthaí Ginearálta an lae inniu ar thrádáil agus ar chaidreamh seachtrach freisin.

Maidir le trádáil, dúirt an Tánaiste:

"D'aontaigh muid inniu deiseanna trádála a shaothrú go fuinniúil. Sin tosaíocht d'Uachtaránacht na hÉireann. Tá fúinn go háirithe dul chun cinn a dhéanamh ar Chomhaontú Saorthrádála AE-SAM. Tá súil agam nach fada go bhfeicfimid  foilsiú na tuarascála ón Meitheal Ardleibhéil air sin ".

Maidir le caidreamh seachtrach, dhírigh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar chaidreamh le Comharsanacht an Deiscirt ó thráth an Earraigh Arabaigh. Dúirt an Tánaiste:

D'aontaigh muid inniu fanacht tiomanta dár gcomhpháirtíocht lenár gComharsana sa Deisceart, chun tacú leo ina n-aistriú polaitiúil agus eacnamaíoch.


Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›