Airí an AE, sa lá atá inniu mBaile Átha Cliath, a phlé leis an ranníocaíocht agus is féidir le mná níos sine buntáistí a dhéanamh is a fhanann siad sa mhargadh saothair
An tAire Stáit um Míchumas, Comhionannas, Meabhairshláinte agus Mná Scothaosta, Kathleen Lynch TD, a bhí sa chathaoir inniu ar phlé bríomhar Airí Saothair agus Coimirce Shóisialta an AE ag ceardlann i mBaile Átha Cliath ar an ábhar "Mná Scothaosta agus an Margadh Saothair na hEorpa - Ag Obair le Chéile do Riachtanais an Chách. "
Bhí an cheardlann mar chuid de chlár chruinniú neamhfhoirmiúil na nAirí EPSCO a tháinig le chéile i mBaile Átha Cliath chun plé a dhéanamh ar raon ceisteanna tráthúla. An tAire Lynch a bhain ceann den ábhar agus dúirt sí:
"Cuireann rannpháirtíocht eacnamaíoch na mban scothaosta ar a gcumas a chinntiú go mairfidh siad lasmuigh den ghaiste bochtaineachta ina mbíonn mná scothaosta go minic, agus, ag an am céanna, is féidir leo a mbuanna a úsáid chun cur leis an bhfás eacnamaíoch agus an dea-bhail is dianriachtanas don Eoraip sna hamanna dúshlánacha ina mairimid.
Tá cuid mhór d’fhócas bheartas eacnamaíoch na hEorpa ar leathnú ár margaidh saothair chun a chinntiú go bhfanfaidh an Eoraip iomaíoch.
Tá cuid mhór d’fhócas bheartas eacnamaíoch na hEorpa ar leathnú ár margaidh saothair chun a chinntiú go bhfanfaidh an Eoraip iomaíoch. Tá sé mar aidhm ag Eoraip 2020, straitéis eacnamaíoch an Aontais, ráta fostaíochta 75% d'fhir agus do mhná a bhaint amach faoi 2020. Faoi láthair, díreach os cionn 68% atá an ráta.”
Mhaígh an tUasal Aurel Ciobanu-Dordea, Stiúrthóir Comhionannais an Choimisiúin:
"Tá cás láidir ann chun tacú le rannpháirtíocht eacnamaíoch na mban d'fhonn spriocanna Eoraip 2020 a bhaint amach. I roinnt mhaith Ballstát, is le oibrithe scothaosta agus go háirithe le mná scothaosta atá an acmhainn is airde le rátaí fostaíochta a mhéadú. Seachas fostaíocht, ba chóir do mhná in aois 50-65 a bheith chomh maith i bhfócas pinsin agus beartais um aosú gníomhach, chun a chinntiú gur mó a fhanfaidh siad i bhfostaíocht. "
Chuir Ard-Stiúrthóir Fostaíochta an Choimisiúin, an tUasal Koos Richelle, anailís staitistiúil i láthair ar an staid agus dúirt sé "de réir na sonraí is déanaí (2012, 3ú ceathrú), bhí ráta gníomhaíochta 56% ag mná sinsearacha (aois 50-64) i gcomparáid le ráta 71.6% d’fhir san aoisghrúpa céanna in ainneoin gur gnách leo a bheith níos oilte agus gur minice a ghlacann siad páirt i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.”
Thug an tAire Stáit Lynch le fios go léiríonn na staitisticí sin, "go raibh 14 milliún fear san aoisghrúpa seo a bhí neamhghníomhach go heacnamaíoch, ach bhí níos mó ná 22.6 milliún ban idir 50 agus 64 bliana, nach raibh ag obair ná dífhostaithe ó thaobh mhargadh an tsaothair ." Is bearna shuntasach í seo - 8 milliún ban níos lú ná fir atá ag tógáil a n-ioncaim saoil agus a dteidlíochtaí pinsin.
Cé gur ar an bhfás eacnamaíoch atá fócas Eoraip 2020, cuireann rannpháirtíocht sa mhargadh saothair ar chumas daoine, fir agus mná, a gcuid teidlíochtaí pinsin a mhéadú freisin. Luaigh an tAire Lynch figiúirí uile-AE a thaispeáin “gur mó i bhfad atá mná scothaosta (18.1%) imbaol na bochtaineachta ná fir scothaostaa (12.9%), tar éis aistrithe sóisialta (mar shampla, pinsin stáit). Dá gcuirfí leis an saol oibre, bheifí ag súil le méadú ar theidlíochtaí pinsin, rud a laghdódh baol na bochtaineachta. Dá réir sin, cuidíonn filleadh nó coinneáil na mban scothaosta sa mhargadh saothair leis an ngeilleagair agus le rathúnas na mban araon - staid "bua, bua".
A CHRÍOCH SIN
Lean sinn ar Twitter