Skip to main content
eycs

Comhairle Oideachais le hOideachas agus Scileanna do Phoist, Cobhsaíocht agus Fás a phlé, fara cur i láthair ón gCuradh Digiteach d'Éirinn, an Tiarna David Puttnam

14.02.2013, 16:02 GMT


Pléifidh Airí Oideachais an AE "Oideachas agus Scileanna do Phoist, Cobhsaíocht agus Fás" ag céad Chomhairle Oideachais Uachtaránacht na hÉireann sa Bhruiséil amárach. An tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, a bheidh sa chathaoir ag an gcruinniú. Thug an Uachtaránacht cuireadh do bheirt aoichainteoirí: An Tiarna David Puttnam, scannánóir cáiliúil agus Seansailéir na hOllscoile Oscailte, agus Leas-Stiúrthóir Oideachais an ECFE, Andreas Schleicher.

Pléifidh na hAirí Oideachais Oideachas agus Scileanna do Phoist, Cobhsaíocht agus Fás ag Comhairle Oideachais Airí an AE sa Bhruiséil Dé hAoine 15 Feabhra. Roimh an gcruinniú, dúirt an tAire Quinn, "Is é is aidhm lárnach d'Éirinn le linn ár nUachtaránachta slite a lorg le tacú le poist agus fás inbhuanaithe san Eoraip agus le cobhsaíocht eacnamaíoch a thabhairt ar ais do gheilleagar na hEorpa. Tá ról lárnach ag oideachas agus oiliúint san iarracht sin agus le dul i ngleic leis an ngéarchéim dífhostaíochta faoi láthair ar fud na hEorpa, agus í a réiteach. "

Táthar ag súil go nglacfaidh na hAirí Oideachais conclúidí ar "Athmhachnamh ar an Oideachas: Infheistiú i scileanna do thorthaí socheacnamaíocha níos fearr " agus  Suirbhé Bliantúil Fáis 2013 ag an gComhairle.

Cloisfidh siad cur i láthair ón Tiarna Puttnam agus ó Andreas Schleicher ar conas is féidir le hoideachas agus scileanna cur le téama na hUachtaránachta, Cobhsaíocht, Poist agus Fás. Ghlac an Tiarna Puttnam, a bhfuil Chariots of Fire agus The Killing Fields i measc a chuid scannán, le déanaí leis an ról nua Curadh Digiteach d'Éirinn chun comhairle a thabhairt do Rialtas na hÉireann ar conas is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha an t-oideachas, an geilleagar agus na seirbhísí poiblí a chlaochlú. 

Ba mhaith liom go dtabharfadh gach aire smaoineamh mór amháin ar a laghad, nó slí nua amháin le druidim le dúshlán, ar ais go dtí a bpríomhchathracha.

Is féidir leis an plé, fara cur i láthair an Tiarna Puttnam & Andreas Schleicher, a fheiceáil timpeall a 10.00 r.n. na hÉireann ar ár leathanach Ionad Preasa. Sruthófar an preasagallamh freisin beo ar an leathanach seo.

Dúirt an tAire Quinn: "Tá am na nAirí luachmhar agus mar sin is tábhachtach dúinn an tairbhe is mó a fháil as ár n-idirghníomhaíochtaí. D'oibrigh uachtaránachtaí roimhe seo go dian chun an Chomhairle Oideachais a dhéanamh níos idirghníomhaí agus níos suntasaí d’airí. Ba mhaith linn cur leis an dea-obair sin. Tá fúm plé a eagrú a bheidh  dírithe go polaitiúil ar na saincheisteanna móra, a mbeidh brí leis, agus a bheidh úsáideach go praiticiúil do gach duine againn. Ba mhaith liom go dtabharfadh gach aire smaoineamh mór amháin ar a laghad, nó slí nua amháin le druidim le dúshlán, ar ais go dtí a bpríomhchathracha. "

Seo an chéad cheann de dhá chruinniú den Chomhairle Oideachais a bheidh ar siúl faoi Uachtaránacht na hÉireann - beidh an dara ceann i mBealtaine.

Tá roinnt tosaíochtaí reachtaíochta san oideachas aitheanta do thréimhse na hUachtaránachta:

• Rialachán lena mbuneofar "Erasmus do Chách"
• Treoir nua lena leasófar Treoir 2005/36 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint
• Rialacháin maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD)
• Cinneadh ar Chlár Oibre Straitéiseach um Nuáil na hInstitiúide Eorpaí um Nuáil agus Teicneolaíocht (EIT) agus Rialachán lena leasófar Rialachán 2008 lenar bunaíodh an EIT


A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Deirdre Grant, Stiúrthóir Cumarsáide,
(Oideachas)

Deirdre Grant, Stiúrthóir Cumarsáide, (Oideachas)

T:

M:

E:

picture of Marcella  Smyth
, Urlabhraí Preasa - COREPER I

Marcella Smyth , Urlabhraí Preasa - COREPER I

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›