Fuair Uachtaránacht na hÉireann comhaontú inné le Parlaimint na hEorpa, thar ceann Bhallstáit an AE, ar chosaint na n-íospartach foréigin teaghlaigh a fheabhsú ar fud na hEorpa.
Faoi Uachtaránacht na hÉireann, reáchtáladh plé deiridh idir Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí sa Bhruiséil inné le teacht ar chomhaontú ar an Rialachán ar Ordú Eorpach ar Chosaint (Dlí Sibhialta). Cinnteoidh an Rialachán seo, ar cuid de phacáiste reachtaíochta atá dírithe ar chearta íospartach san AE a neartú, gur féidir ordú cosanta sibhialta, ar nós ordú urchoisc de dheasca fhoréigean teaghlaigh, a chur i bhfeidhm fiú má thaistealaíonn nó má bhogann an t-íospartach ó Bhallstát amháin AE go ceann eile.
Ag fáiltiú dó roimh an gcomhaontú, cúirt Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta na hÉireann, dúirt Alan Shatter:
"Ní féidir áibhéil a dhéanamh ar thábhacht na moltaí seo d'íospartaigh a bhfuil gá acu le cosaint orduithe den sórt sin. Cuirfidh sé leanúnachas cosanta faoin dlí ar fáil d'íospartaigh foréigin teaghlaigh agus daoine leochaileacha eile agus iad ag bogadh idir na Ballstáit, rud a chuirfidh ar a gcumas taisteal agus fiú athlonnú chuig Ballstát eile, den chéad uair. "
Tar éis na caibidlíochta rathúla le Parlaimint na hEorpa, cuirfear an comhaontú beartaithe faoi bhráid Ambasadóirí na mBallstát dá bhformheas agus faoi bhráid na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, faoi chathaoirleacht an Aire Shatter, a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 7-8 Márta.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter