Skip to main content
tte

Críochnaíonn Uachtaránacht na hÉireann caibidlíocht ar an Treoir Sábháilteachta Easchósta

21.02.2013, 16:29 GMT


D'fháiltigh Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha na hÉireann, Pat Rabbitte TD, roimh "bhearta suntasacha sábháilteachta" a eascraíonn as an gcomhaontú ar an Treoir Sábháilteachta Easchósta sa Bhruiséil inniu.

Tionóladh cainteanna deiridh le Parlaimint na hEorpa inniu chun teacht ar chomhaontú ar an togra ar shábháilteacht shirtheoireacht ola agus gáis easchósta, taiscéalaíocht agus gníomhaíochtaí táirgthe. Molann an Treoir um Shábháilteacht Easchósta réimse nua inniúlachta don AE i ndáil le rialáil ola agus gáis easchósta agus ar ghníomhaíochtaí táirgthe agus a n-acmhainneacht go n-eascródh baol mór don tsábháilteacht agus don  chomhshaol ​​araon uathu. Tháinig an Treoir mar thoradh ar athbhreithniú ar an gcreat rialála i bhfeidhm i mBallstáit a rinneadh i ndiaidh tubaiste Deep Water Horizon in 2010 agus chríochnaigh plé inniu le Parlaimint na hEorpa faoin dóigh inar chóir é sin a bhaint amach.

Ag tógáil ar an obair mhór agus ar dhul chun cinn Uachtaránacht na Cipire, thángthas ar chomhaontú inniu, a éilíonn anois formheas críochnaitheach ó Choiste na mBuanionadaithe (COREPER), a chinnteoidh úsáid chomhsheasmhach na gcleachtas is fearr maidir le rialú mórghuaiseacha ola agus gáis easchósta ag oibríochtaí tionscail a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar uiscí nó ar bhruacha an Aontais; a chuirfidh i bhfeidhm na cleachtais is fearr rialála i ngach dlínse Eorpach le gníomhaíochtaí gáis agus ola easchósta ; a neartóidh ullmhacht an Aontais agus a chumas freagartha chun déileáil le héigeandálaí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do shaoránaigh an Aontais, nó don timpeallacht, agus a fheabhsóidh agus a shoiléireoidh dliteanas an Aontais agus na forálacha cúitimh atá ann cheana féin. 

Ag fáiltú dó roimh chinneadh an lae inniu, dúirt an tAire Rabbitte:

"I ndeireadh na dála is é ár sprioc mar lucht déanta beartas i réimse na gníomhaíochta taiscéalaíochta easchósta sábháilteacht a fheabhsú i dtimpeallachtaí an-dúshlánacha. Creidim go mbeidh bearta sábháilteachta suntasacha ag teacht ón bplé seo a thairbheoidh ár gchomshaol domhanda."

A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›