Shocraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney TD, tar éis shraith fhada dhian idirbheartaíochta, comhaontú polaitiúil ag Comhairle Airí Iascaigh an lae inniu cosc uile-Eorpach ar cholfairtí a thabhairt isteach.
Tá an-tábhacht ag baint le cinneadh Chomhairle na nAirí sa Bhruiséil do thodhchaí na n-iascach Eorpach agus is léiriú soiléir é ar thoil na Comhairle a deireadh a chur leis na cleachtais colfairtí atá in iascach na hEorpa.
Tá an cinneadh tábhachtach freisin sa mhéid is go gcuirfidh sé ar chumas Uachtaránacht na hÉireann, thar ceann na Comhairle, oibriú go díreach le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún d'fhonn teacht ar chomhaontú polaitiúil ar Chomhbheartas Iascaigh athchóirithe i rith Uachtaránacht na hÉireann.
Dúshlán deacair i gcónaí a bhí ann tuairimí éagsúla na Ballstáit a chomhardú leis an ngá chun bearta praiticiúla, infheidhmithe a aontú go luath le cosc ar cholfairtí sna huiscí uile atá faoi dhlínse an AE a thabhairt isteach.
Dúirt an tAire Coveney "Tá mé i m' abhcóide láidir le deireadh a chur leis an gcleachtas dhiomailteach colfairtí le blianta fada, agus dar liomsa, Is cloch mhíle stairiúil sa Bheartas Iascaigh Eorpach é cinneadh an lae inniu ó Chomhairle na nAirí."
Ceist an-chasta is ea colfairtí, rud a tharlaíonn i mbeagnach gach táirge iascaigh, i ngach réimse agus i ngach cabhlach san Aontas Eorpach. Tá fadhb colfairtí ag gach Ballstát a oibríonn iascaireachta ar an bhfarraige mhór. Tá go leor Ballstát a bhfui leibhéil shuntasacha colfairtí in iascaigh áirithe acu, ar chúiseanna éagsúla.
Sa Bhruiséil inniu, fuair an tAire Coveney comhaontú ar chur chuige uaillmhianach de réir a chéile, le toirmeasc ar cholfairtí a thabhairt isteach. Ag tosú i mí Eanáir 2014, i gcás stoic pheiligeacha agus ag bogadh isteach sa Mhuir Bhailt i mí Eanáir 2015. Beidh an toirmeasc ar cholfairtí i bhfeidhm ar na stoic ghrinnill is mó sa Mhuir Thuaidh agus sna huiscí Thuaidh agus Thiar Theas ó Eanáir 2016. Ar deireadh, beidh an toirmeasc i bhfeidhm ar iascaigh sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí uile an Aontais an 1 Eanáir 2017.
"Caithfidh mé buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe as a gcabhair, comhoibriú, agus fuinneamh leis an gclár an-uaillmhianach seo le haghaidh athruithe a chomhaontú. Ba mhaith liom freisin trácht ar an gcabhair ar leith a fuair mé ón gCoimisinéir Damanaki ar fud an phróisis ar fad."
Tá deireadh a chur le colfairtí ina phríomhchuspóir in athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh, agus tacaíocht ó na Ballstáit go léir aige. Mír an-tábhachtach leis an gcuspóir sin a bhaint amach, sin bearta iascaireachta níos cliste agus níos roghnaíche um fearas a roghnú a thabhairt isteach ar fud gach iascaigh agus athrú ar chleachtais iascaigh a sheachnóidh a mhéad is féidir gabhálacha nach dteastaíonn, go háirithe éisc óga a ghabháil.
Na bearta praiticiúla a aontaíodh inniu, cabhróidh siad le hiascairí sa trasdul chuig timpeallacht nua. Tugann siad socruithe idirthréimhseacha chun tacú leis an athrú chuig an oibleagáid tuirlingthe nua. Fairis sin tugann siad solúbthacht le roghanna cuóta auasmhéadú ionas nach ndúnfar iascaigh gan ghá. Beidh ciste nua iascaigh an AE ar fáil le tacú le hiascairí san aistriú go cleachtais iascaigh níos roghnaíche agus níos inbhuanaithe.
Mar chlabhsúr, dúirt an tAire: "Lá fada agus oíche fhada a bhí ann, ach cinn torthúla. Is féidir linn bheidh ag tnúth le h athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh a chríochnú le muinín, agus muid cinnte gur ghlacamar céim mhór chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na stoc in uiscí na hEorpa a chinntiú."
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter