Skip to main content
ecofin

Bua Uachtaránacht na hÉireann ar rialacha nua do bhainc láidre san AE

28.02.2013, 14:09 GMT


Bhain Uachtaránacht na hÉireann bua amach anocht i gcainteanna le Parlaimint na hEorpa ar leasú ar rialacha baincéireachta, le cobhsaíocht airgeadais an AE a mhéadú.

D'fháiltigh an tAire Airgeadais, Michael Noonan, roimh an nuacht:
"Táim an-bhródúil  bua seo Uachtaránacht na hÉireann a fhógairt - is crua a buadh é."

Shroich Uachtaránacht na hÉireann comhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa ar rialacha nua lena chinntiú go mbeidh dóthain caipitil ar chaighdeán maith ag bainc na hEorpa le seasamh i gcoinne thurraingí eacnamaíocha agus airgeadais sa todhchaí.

Sa chomhaontú sealadach a sroicheadh anocht tá srianta ar phá baincéirí lena chinntiú nach spreagfaidh an pá an iomad rioscaí a thógáil. Áiríonn sé freisin forálacha nua le bainc Eorpacha a dhéanamh níos trédhearcaí.

Dúirt an tAire Airgeadais, Michael Noonan:

Le linn na géarchéime airgeadais, bhí ar cháiníocóirí na hEorpa bainc a athchaipitliú. Cinnteoidh an t-ollchóiriú seo ar rialacha baincéireachta an AE go mbeidh dóthain caipitil, i dtéarmaí cháilíochta agus ar chainníochta, ag bainc an AE le seasamh i gcoinne suaití feasta. Cinnteoidh sé seo cosaint do cháiníocóirí ar fud na hEorpa feasta.  


An tAire Noonan - "Sna caibidlíochtaí seo bhí orainn, mar Uachtaránacht, a lán  leasanna éagsúla a chothromú: an fonn chun teorainn a chur le pá baincéirí agus a earnáil baincéireachta iomaíoch Eorpach a chothabháil; an gá atá le cód cleachtais amháin, ach ceann atá solúbtha go leor, ar fud na hEorpa."

Ní mór do Bhallstáit an AE an comhaontú seo a fhormheas sula mbeidh sé críochnaitheach. Beidh obair shuntasach theicniúil bhreise le déanamh freisin le sonraí na reachtaíochta a chríochnú.

Dúirt an tAire:

"Creidim go bhfuil an pacáiste comhréitigh a shroicheamar anocht go maith cothrom. Cuirfidh mé an pacáiste seo faoi bhráid na nAirí Airgeadais nuair a bhuailfimid le chéile sa Bhruiséil Dé Máirt seo chugainn agus tá súil agam go dtacóidh siad leis. "

A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

T:

M:

E:

Paul Bolger, Urlabhraí na hUachtaránachta don Roinn Airgeadais

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›