Shocraigh an tAire Coimirce Sóisialta, Joan Burton TD, comhaontú ar Ráthaíocht Óige ar fud an AE sa Bhruiséil inniu (28 Feabhra). Céim lárnach i bhfreagra an AE ar ghéarchéim na dífhostaíochta óige is ea an tionscnamh seo.
Nuair a bheidh sí i bhfeidhm, cinnteoidh an Ráthaíocht go mbeidh tairiscint fostaíochta ar chaighdeán maith, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna laistigh de cheithre mhí a bheith dífhostaithe ag daoine óga atá faoi bhun 25.
Dúirt an tAire Burton:
"Géarchéim is ea dífhostaíocht na hóige san Eoraip Is céim ríthábhachtach i ngleic leis an ngéarchéim."
Bhí an tAire ag labhairt tar éis chruinniú d'Airí Gnóthaí Sóisialta agus Fostaíochta na hEorpa (EPSCO) sa Bhruiséil. Bhí an tAire Burton ina cathaoirleach ar sheisiún na maidine ar thángthas ar chomhaontú deiridh maidir leis an Ráthaíocht Óige air.
D'eascair an Ráthaíocht ó mholadh ón gCoimisiún Eorpach agus bhí dualgas ar Éirinn, ina ról mar Uachtarán na Comhairle, a bheidh mar chathaoirleach ar an gcaibidlíocht faoin moladh.
Dúirt an tAire Burton:
"Ag an tús, ba í an phríomhthosaíocht a leag mé amach don chruinniú comhaontú polaitiúil a fháil ar Ráthaíocht Óige an AE. Tá áthas orm gur shroich muid réiteach sásúil agus creidim go ndéanfaidh sé seo difríocht mhór do shaol na milliúin daoine óga ar fud an AE, is in Éirinn.
Faoi láthair, tá 7.5 milliún duine óg ar fud na hEorpa atá nach bhfuil i bhfostaíocht, in oideachas nó oiliúint (NEETS), arb ionann iad is 12.9% de mhuintir óg na hEorpa (idir 15 agus 24).
Dúirt an tAire Burton:
"Cuireann an AE an costas measta eacnamaíoch seo ag 1.2 faoin gcéad den OTI, nó níos mó ná € 150 billiún. Agus tá na costais shóisialta millteach, mar taispeánadh go bhfuil tionchar ar feadh an tsaoil ag dífhostaíocht óige is gur féidir léi coilm bhuana a fhágáil. Sin é an fáth go bhfuil sé tábhachtach gníomhú ar bhealach ciallmhar agus inbhuanaithe chun dul i ngleic leis an ngéarchéim, agus is léiriú intinne maidir leis sin an Ráthaíocht Óige . "
Chomh maith le foinsí maoinithe atá ann cheana féin, an 8 Feabhra d'fhógair an Chomhairle Eorpach Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg arb ionann is € 6 billiún don tréimhse 2014-2020 é, chun tacú le bearta atá dírithe ar dhífhostaíocht óige agus go háirithe chun tacú leis an Ráthaíocht Óige.
Déanfadh tuilleadh oibre ar an gcaoi a ndéanfar an maoiniú a leithdháileadh agus a chur i bhfeidhm anois le linn Uachtaránacht na hÉireann.
Ag seisiún an tráthnóna den chruinniú EPSCO bhí an tAire Post, Fiontar agus Nuála, Richard Bruton TD, sa chathaoir do phlé beartais na nAirí Fostaíochta ar Shuirbhé Bliantúil Fáis agus Tuarascáil Fostaíochta Chomhchoiste an Choimisiúin i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
Tá an tAire Joan Burton ag tnúth le bheith ag obair leis an gComhairle agus an Coimisiún araon faoin gcaoi is fearr chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail agus na gníomhartha atá leagtha amach sa chumarsáid infheistíochta sóisialta.
"Níl i gcruinniú an lae inniu ach tús an phróisis seo," arsa an tAire Joan Burton. "Tá sé ar intinn agam leanúint leis an obair ar an gceist thábhachtach d'fhonn conclúidí foirmiúla a bheith ag an gcéad chruinniú eile EPSCO i Meitheamh i Lucsamburg.
"Ní leor freagra fioscach ar an ngéarchéim - ní mór freisin freagra sóisialta a bheith ann, agus cuirim fáilte roimh an bPacáiste agus tiomantas pearsanta láidir an Choimisinéara Andor ar an gceist seo."
Roimh chruinniú an lae inniu bhí cruinniú bricfeasta le Herman Von Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí.
Ba é an tUachtarán Von Rompuy a d'iarr an deis do phlé domhain le hAirí Gnóthaí Sóisialta agus Fostaíochta ar ghné shóisialta an AEA, le cuidiú leis moltaí a ullmhú ar neartú an AEA le breithniú ag Comhairle Eorpach an Mheithimh 2013.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter