Ag Comhairle Gnóthaí Ginearálta an lae inné, fuair an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, a bhí sa chathaoir ar an gcruinniú, tacaíocht Airí an AE d'fhócas athnuaite AE ar phoist agus fás.
Sa chruinniú le hUachtarán na Comhairle Eorpaí Van Rompuy, leag an Tánaiste béim air go bhfuil "an staid sa gheilleagar fírinneach an-deacair ar fud na hEorpa fós in ainneoin chobhsú na margaí."
Tánaiste: "Ní mór cobhsaíocht a chomhlánú le dreasú le haghaidh fáis agus post."
Mhaígh an Tánaiste mar fhocal scoir:"D'aontaigh muid ar an bpráinn atá le fócas athnuaite ar chlár oibre iomaíochais, fáis agus post an AE ag Comhairle Eorpach na seachtaine seo. "
Thug Uachtaránacht na hÉireann tús áite don chlár oibre sin ó thosaigh sí ag tús na bliana. Tá éachtaí fíora bainte amach cheana ag an Uachtaránacht, ina measc comhaontuithe leis an bParlaimint ar bhearta nua rialachais eacnamaíoch sa Dá Phaca agus rialacha nua ar riachtanais chaipitil le bainc a neartú. Cabhróidh an dá bheart sin le cobhsaíocht a thógáil.
Ach, dúirt an Tánaiste: ""Ní mór cobhsaíocht a chomhlánú le dreasú le haghaidh fáis agus post."
Leag an Tánaiste béim go háirithe ar an ngá díriú ar dhífhostaíocht, go háirithe dífhostaíocht óige.
An Tánaiste: "Tá an-áthas orm gur bhain Uachtaránacht na hÉireann comhaontú amach ar an Ráthaíocht Óige, rud a thabharfaidh post nó deis oiliúna do gach duine óg le cabhrú leo ullmhú don fhórsa saothair táirgiúil."
Chuir an Tánaiste béim freisin ar an ngá práinneach chun dlús a chur le luas na hoibre leis na bacainní atá fágtha sa mhargadh aonair a bhaint anuas, i réimsí cosúil le soláthar poiblí agus le haitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla. Is tosaíocht í seo d'Uachtaránacht na hÉireann.
A CHRÍOCH SIN
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter