Skip to main content
tte

Tosaíonn Uachtaránacht na hÉireann plé AE ar fhuinneamh glan don iompar

11.03.2013, 17:24 GMT


Dearbhaíonn Rialtas comhdháil Eorpach ar shábháilteacht ar bhóithre do Bhaile Átha Cliath i Márta freisin

An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Leo Varadkar a bhí sa chathaoir inniu ar Chomhairle Iompair an AE sa Bhruiséil, a phléigh tograí ón gCoimisiún Eorpach nua do réabhlóid iompair fuinneamh glan ar fud na hEorpa.
 
Thacaigh Airí Iompair ó gach cearn den AE i bprionsabal le tograí an-uaillmhianach an Choimisiúin ar spleáchas na hearnála iompair ar ola a bhriseadh agus glacadh le pointí fuinnimh ghlain do bhreosla sa mhargadh a chur chun cinn ar fud an AE. Bhí glaoch láidir ar a thuilleadh plé ar spriocanna agus spriocdhátaí an Choimisiúin maidir le pointí luchtúcháin a sholáthar sna Ballstáit, agus níos mó solúbthachta sna moltaí.

Ba é seo an chéad phlé polaitiúil ag an gComhairle Iompair ar phlean radacach,  aislingeach le bonneagar fuinnimh ghlain a chur ar fáil ar fud na hEorpa, lena n-áirítear leictreach pointí luchtúcháin le haghaidh gluaisteán, stáisiúin bhreosla le haghaidh long atá á gcumhachtú le gás agus feithiclí troma inár gcalafoirt.
 

An tAire Varadkar: Tá mé thar a bheith sásta gur chuir Uachtaránacht na hÉireann tús leis an gcaibidlíocht ar na moltaí Fuinneamh Glan leis an aidhm astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú 60% faoi 2050. 

Phléigh na hAirí Iompair treoir an Choimisiúin Eorpaigh a cheangal ar gach Ballstát líon íosta pointí breoslaithe a chur ar fáil le haghaidh feithiclí faoi thiomáint ag an leictreachas, hidrigin, bithbhreoslaí, agus gás nádúrtha. Shuiteálfaí iad seo  in áiteanna poiblí, ar mhótarbhealaí, agus i dtithe agus in ionaid oibre. Bheadh ar Bhallstáit an AE tacaíochtaí rialála agus dreasachtaí a chur i bhfeidhm freisin chun tionscail agus tiománaithe a spreagadh le húsáid a bhaint as feithiclí fuinnimh ghlain.

Faoi láthair tá 1,100 pointe luchtúcháin le haghaidh feithiclí bóthair leictreacha ag Éirinn, ach molann an Treoir seo iad a mhéadú go dtí 6,000 faoi 2015, agus 22,000 faoi 2020. Bheadh freisin pointí breoslaithe do chineálacha eile breosla, agus ar mhótarbhealaí chun turasanna fada a éascú. Ar cheann de na tograí is radacaí tá fuinneamh glan a  agus a saoráidí breoslaithe a chur ar fáil le haghaidh long chomh maith.

 "Is togra dáiríre uaillmhianach a bhfuil an cumas chun réabhlóid fuinnimh ghlain in iompar a thosú ar fud na hEorpa. Tá mé thar a bheith sásta gur chuir Uachtaránacht na hÉireann tús leis an gcaibidlíocht ar na moltaí Fuinneamh Glan leis an aidhm astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú 60% faoi 2050, " a dúirt an tAire Varadkar.

 "I mo thuairimse, is é an bealach is fearr chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus astuithe gáis cheaptha teasa úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua agus ár spleáchas ar ola allmhairithe a laghdú. Beidh tuilleadh plé anois ar conas teacht ar chomhaontú ar an gceist thábhachtach seo. "
 
Phleigh na hAirí freisin sábháilteacht ar bhóithre, agus d'fhógairan an tAire Varadkar  go mbeidh Éire ag óstáil comhdhála um shábháilteacht ar bhóithre an 28 Márta mar chuid d'Uachtaránacht an AE. Seolfar an Straitéis nua um Shábháilteacht ar Bhóithre, a bheidh i bhfeidhm go dtí 2020, ag an gcomhdháil.

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Marcella  Smyth
, Urlabhraí Preasa - COREPER I

Marcella Smyth , Urlabhraí Preasa - COREPER I

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›