Skip to main content
envi

Críochnaíonn Uachtaránacht na hÉireann caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa ar thogra 'Stop an Clog' faoi astuithe eitlíochta

12.03.2013, 16:37 GMT


D’fháiltigh Aire na hÉireann do Chomhshaol, Pobail agus Rialtas Áitiúil, Phil Hogan, TD, roimh chomhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gcinneadh molta 'stop an clog' i ndáil le hastuithe gáis cheaptha teasa ón earnáil eitlíochta.

Déanann an togra, a thug an Coimisiún Eorpach ar aghaidh i mí na Samhna 2012, foráil do mhaolú sealadach ar oibleagáidí tuairiscithe agus comhlíonta faoi Airteagal 16 de Threoir Trádála Astuithe an AE i gcás eitiltí ó thíortha lasmuigh den AE nó chucu. Tugadh an togra isteach le spás a chur ar fáil don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) chun idirbheartaíochtaí i dtreo bhirt dhomhanda mhargadh-bhunaithe a chur chun cinn ar bhonn leanúnach chun dul i ngleic le hastuithe eitlíochta idirnáisiúnta.


Aire Hogan -Tá mé an-sásta go bhfuil an Chomhairle, faoi cheannaireacht Uachtaránacht na hÉireann, agus an Pharlaimint tar éis  comhartha láidir eile tacaíochta a chur ar fáil trí chinneadh  luath faoin tionscnamh 'stop an clog’.


Ag cur fáilte roimh chinneadh an lae inniu dó, dúirt an tAire Hogan:

"Tríd an togra 'stop an clog-' a thabhairt ar aghaidh, d'fhreagair an Coimisiún Eorpach go han-tapa don deis a tháinig chun cinn i mí na Samhna 2012, tríd an ICAO, chun teacht ar chomhaontú maidir le beart domhanda margadh-bhunaithe chun dul i ngleic le hastuithe eitlíochta idirnáisiúnta. Bhí an dul chun cinn a rinneadh ag cruinniú na Comhairle ICAO an 9 Samhain 2012 an-dearfach ó thaobh na n-ionchas ar ghníomhaíocht dhomhanda éifeachtach ar eitlíocht agus athrú aeráide, agus bhí sé ríthábhachtach don AE freagairt go tapa agus go forghníomhach chun tacú leis an iarracht chun teacht ar chomhaontú.

Tá mé an-sásta go bhfuil an Chomhairle, faoi cheannaireacht Uachtaránacht na hÉireann, agus an Pharlaimint tar éis  comhartha láidir eile tacaíochta a chur ar fáil trí chinneadh  luath faoin tionscnamh 'stop an clog’. Treisíonn sé seo dea-thoil an AE san idirbheartaíocht ar chomhaontú domhanda agus braitheann sé anois ar an ICAO. Tá súil agam go mbeidh an maolú bliana seo ina dhreasacht sna hidirbheartaíochtaí agus ina chu i gcuimhne do na Páirtithe go bhfuil muid ag súil le toradh dearfach ag Ardtionól an ICAO níos déanaí i mbliana. "


Breithneoidh Coiste na mBuanionadaithe comhaontú an lae inniu anois, d'fhormheas críochnaitheach. 


A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›