Geallann Tánaiste Eamon Gilmore comhar le Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sa chéad leath de 2013, ar mhaithe le poist agus fás.
Tar éis rún an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa ar an gCreat Oibre Airgeadais Ilbhliantúil2014-2020, d'admhaigh Uachtaránacht na hÉireann tuairimí na Parlaiminte agus gheall sí luas a chur le caibidlíocht sna seachtainí romhainn.
Tánaiste - Tá céim eile tógtha anois ar bhuiséad don AE do na seacht mbliana atá romhainn, agus ba chóir go mbeadh beagnach € 1 trilliún i gcistí AE á infheistiú i bpoist agus fás.
Dúirt Eamon Gilmore TD, Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann:
"Tá céim eile tógtha anois ar bhuiséad don AE do na seacht mbliana atá romhainn, agus ba chóir go mbeadh beagnach € 1 trilliún i gcistí AE á infheistiú i bpoist agus fás. Tá teagmhálacha forleathana agam féin agus ag mo chomhghleacaithe Uachtaránachta leis an bParlaimint le mí anuas, agus tá a seasamh agus a cúraimí leagtha amach go foirmiúil anois aici ".
"Táim ag tnúth leis an gcéad chéim eile den chaibidlíocht gan mhoill, d'fhonn comhaontú ar an CAI roimh dheireadh Uachtaránacht na hÉireann. Maidir liomsa de, chun tosaigh linn faoi lánluas".
Bhí an tAire Gilmore sa chathaoir ag cruinniú den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta níos luaithe an tseachtain seo ar a d'fhreastail an tUachtarán Van Rompuy, agus ní fada go n-atosóidh sé plé leis an bParlaimint agus go háirithe lena príomhidirbheartaí Alain Lamassoure FPE.
Thug an tAire Gilmore le fios go mbeidh a fhócas ar chomhaontú luath a éascú ionas gur féidir an buiséad nua, fara a chláir chaiteachais tábhachtacha uile, a bheith i bhfeidhm in Eanáir 2014 lena chion a dhéanamh don fhás eacnamaíoch agus poist. Ina measc sin tá clár taighde Fís 2020, na Comhbheartais Talmhaíochta agus Iascaigh (CBT / CBI), Comhtháthú, Erasmus agus beartais eile. Dúirt sé go raibh faoin Uachtaránacht (trí chomhchinnteoireacht leis an bParlaimint) teacht ar chomhaontú ar fhormhór na gclár, nó orthu go léir, faoi mhí an Mheithimh.
Maidir le rannpháirtíocht ardleibhéil eile, ag an gComhairle Eorpach amárach buailfidh an Taoiseach, Enda Kenny, leis an Uachtarán Schulz agus leis an Uachtarán Barroso. Thug an bheirt acu cuairt ar Bhaile Átha Cliath le seachtainí beaga anuas, áit a raibh an CAI ar bharr an chláir acu. Fairis sin, tá an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton, i Strasbourg an tseachtain seo agus leanann sí lena teagmhálacha leis an bParlaimint ansin.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter