Skip to main content
Scannáin

Ceolchoirm Ciné: Cinniúint na hÉireann le scór ceolfhoirne beo

12.03.2013, 17:25 GMT


Cuirtear an príomhscannán caomhdhéanta seo, an chéad cheann a rinneadh go hiomlán in Éirinn, i láthair anois fara scór le duine de na cumadóirí is mó le rá in Éirinn.

Tá áit an-speisialta ag Cinniúint na hÉireann (1926) i stair na scannán dúchasach in  Éirinn. Ba é sin an chéad scannán ficsin a phléigh le Cogadh na Saoirse agus bhí iarbhaill den IRA mar aisteoirí ann.  Go deimhin, ba é Kit O'Malley (a bhíodh tráth ina Aidiúnach ar Bhriogáid Bhaile Átha Cliath den IRA) comhairleoir míleata an scannáin. Ba é Cinniúint na hÉireann an chéad agus an t-aon scannán a scríobh agus a léirigh  Isaac (Jack) Eppel, dochtúir teaghlaigh agus cógaiseoir i mBaile Átha Cliath a raibh gairm eile aige mar impreasó1)ir amharclainne agus úinéir pictiúrlainne.

20130314 Irish Destiny FeatureRinneadh míreanna drámaíochta an scannáin i mBaile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus ag Shepherd Bush Studios, Londain, i 1925. Scannánaíodh na seichimh nuachtscannán fite fuaite i rith dhó Chorcaí i mí na Nollag 1920 agus Theach an Chustaim Bhaile Átha Cliath i mBealtaine 1921. Taispeánadh an scannán den chéad uair sa Phictiúrlann Corantach Domhnach Cásca 1926 – agus comóradh 10 mbliana Éirí Amach na Cásca ar siúl. Rinneadh athbhreithniú an-dearfach air i nuachtáin an lae.  "I gCinniúint na hÉireann tá na gnéithe is airde d'ealaín, de radharcra gníomhaíochta, agus de ghrianghrafadóireacht. Bua d'fhiontraíocht na hÉireann is ea é! "(Dublin Evening Mail  10/4/1926).

Le teacht ré na fuaime d'imigh an scannán as radharc an phobail agus ní bhfuarthas arís é go tús na 1990í nuair a thosaigh Cartlann Scannán nua na hÉireann cuardach idirnáisiúnta don scannán.  Thángthas air an gcló bunaidh 35mm i mboghtaí  Leabharlann na Comhdhála i Washington, áit a raibh sé gan chur isteach ó2) cuireadh i dtaisce ann é i 1927.

Rinneadh athchóiriú ar an gcló agus le tacaíocht na Comhairle Ealaíon coimisiúnaíodh scór ansin ó Mhícheál Ó Súilleabháin a chuirfeadh beatha nua isteach sa scannán tostach.  Sa bhliain 1993 taispeánadh an scannán athchóirithe  sa Cheoláras Náisiúnta, le ceolfhoireann iomlán agus scór Mhíchíl Uí Shúilleabháin, agus fuair sé moladh ollmhór ón bpobal agus ó na criticeoirí. In 2006 bhí athchur i láthair beo ceolfhoirne de Chinniúint na hÉireann sa Cheoláras Náisiúnta.

Tugann cur i láthair an scannáin fara scór sa Bhruiséil i suíomh ollásach Flagey Ó Súilleabháin le chéile athuair leis an stiúrthóir Proinnsias Ó Duinn, atá ag obair den chéad uair leis an Orchestre Royal de Chambre de Wallonie.

Nóta ar an scór ón gCumadóir Mícheál Ó Súilleabháin

"Scríobhas an ceol do Chinniúint na hÉireann thart ar tríocha bliain i ndiaidh do Sheán Ó Riada an scór le haghaidh Mise Éire (1959) a scríobh - am nuair ba ghá féinbhród mar chéim ar chosán an fhéinmheasa; agus tá scór Uí Riada don scannán seo aonchiallach ina chuid mothúchán. Eisean a scríobh an scór sin tríocha bliain tar éis Chinniúint na hÉireann - mar sin, ar bhealach, urramaíonn an saothar seo an dá nóiméad, ag tarraingt eagna uathu araon.

Is é mo dhóchas don cheol go bhfuil sé ceisteach gan a bheith leithscéalach; go bhfuil sé bródúil gan a bheith díomasach; agus, thar aon rud eile, go molann sé spiorad na saoirse sa duine i pé traidisiún atá sé le fáil. "

Éist le "Dóchas", ceann de na codanna ó scór ceolfhoirne beo Chinniúint na hÉireann.  

Duine de mhórcheoltóirí agus cumadóirí na hÉireann is ea Mícheál Ó Súilleabháin. 

Imeachtaí Gaolmhara

cultureconnects

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›