Skip to main content
envi

Pléann Comhairle Comhshaoil bithbhreoslaí, measúnachtaí tionchair agus an clár oibre idirnáisiúnta

20.03.2013, 14:04 GMT


Na hAirí Hogan agus Deenihan sa chathaoir ar shraith díospóireachtaí ar dhréacht-reachtaíocht AE

Beidh Uachtarán na Comhairle Comhshaoil ​​agus an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil na hÉireann, Phil Hogan TD, ina chathaoirleach ar chruinniú lae amháin na Comhairle AE (Comhshaol) sa Bhruiséil amárach, agus pléifidh Airí Comhshaoil an AE raon tábhachtach ceisteanna lena linn.

Ag labhairt dó inniu faoi thábhacht an chruinnithe, dúirt an tAire Hogan: "Tá fás cliste, inbhuanaithe mar phríomhghné de chlár Uachtaránacht na hÉireann. Na réimsí a bheidh an Chomhairle Comhshaoil ​​á bplé amárach, tá siad dírithe ar chosaint an chomhshaoil a fheabhú.​​"

Beidh an tAire Hogan sa chathaoir ar dhá threophlé, an chéad cheann acu mar gheall ar thogra reachtach 'ILUC' (Tionchar an Athraithe Dhírigh ar Úsáid Talún),  sainchomhad casta atá dírithe ar an riosca go sásófaí cuid den éileamh breise ar bhithbhreosla trí mhéadú ar an méid talún a bheidh dírithe ar an talmhaíocht ar fud an domhain, rud faoi deara méadú indíreach ar astuithe mar gheall ar chomhshó talún le haghaidh táirgeadh bithbhreosla. Bhí treophlé den chineál céanna ar siúl ag an gComhairle Fuinnimh an 22 Feabhra, 2013.

An tAire Phil Hogan: "Tá fás cliste, inbhuanaithe mar phríomhghné de chlár Uachtaránacht na hÉireann. Na réimsí a bheidh an Chomhairle Comhshaoil ​​á bplé amárach, tá siad dírithe ar chosaint an chomhshaoil a fheabhsú​​.​​"

Díreoidh an dara díospóireacht ar mholtaí an Choimisiúin chun an Treoir um Measúnú Tionchair Comhshaoil (MTC) a athmhúnlú. Tá faoin dréacht-Treoir MTC nua díriú ar láidriú forálacha atá ann cheana maidir le cáilíocht an phróisis MTC, chun  leibhéal feabhsaithe cosanta comhshaoil a bhaint amach.

Beidh Jimmy Deenihan TD, An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ina chathaoirleach freisin ar threophlé ar an togra ón gCoimisiún maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Roinnt Chóir, Chothromasach na Sochar atá ag éirí as a nÚsáid san Aontas (ABS). Tá sé seo dírithe ar a chinntiú go mbeidh luach saothair do thíortha a bheidh ina bhfoinse ábhar bitheolaíoch a fhéadfar a bhailiú le haghaidh úsáide i dtíortha eile i dtáirgí nua, brabúsacha, ar nós bianna, cógas, nó gníomhairí biththeicniúla. Beidh an díospóireacht ag díriú ar an dréacht-Rialachán arna gcur síos ag an gCoimisiún chun riachtanais Phrótacal Nagoya, an prótacal idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch a bhaineann leis na ceisteanna seo, a chur chun feidhme.

Ar deireadh, beidh nuashonruithe ar chruinnithe agus imeachtaí idirnáisiúnta san áireamh sa chruinniú freisin. Beidh uasdátú ón gCoimisiún ar na forbairtí is déanaí i ndáil le saincheisteanna maidir le cuimsiú na Eitlíochta laistigh de Scéim Trádála Astuithe an AE, agus forbairtí bainteacha ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Imeachtaí Gaolmhara

21.03.2013 - 21.03.2013

Comhairle Comhshaoil (ENVI)

envi

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Marcella  Smyth
, Urlabhraí Preasa - COREPER I

Marcella Smyth , Urlabhraí Preasa - COREPER I

T:

M:

E:

Sean Dunne, Press Officer

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›