Skip to main content
cgg

Uachtaránacht na hÉireann - dul chun cinn i gcaibidlíocht aontachais an AE le Montainéagró

15.04.2013, 15:10 GMT


D'aontaigh Uachtaránacht na hÉireann inniu, ar son Comhairle an Aontais Eorpaigh, le Montainéagró chun an dara caibidil caibidlíochta aontachais leis an AE a oscailt, agus a dhúnadh go sealadach.

Dúirt an tAmbasadóir Rory Montgomery, ag labhairt dó tar éis na Comhdhála Idir-Rialtasaí a bhí ar siúl inniu sa Bhruiséil, go bhfuil "Uachtaránacht na hÉireann thar a bheith sásta gur oscail sí agus gur dhún sí go sealadach Caibidil 26 ar Oideachas agus Cultúr le Montainéagró inniu, an dara caibidil a osclaíodh agus a dúnadh go sealadach ó thosaigh Montainéagró a caibidlíocht i mí an Mheithimh 2012. "

"Tá an ócáid ​​seo ina léiriú dearfach ar an iarracht atá déanta ag Montainéagró sa phróiseas. Táimid ag súil leis go bhfeicfimid  an obair sin ag  leanúint agus ag dul i  ndéine, go háirithe i réimsí a bhfuil tábhacht lárnach acu sa phróiseas, amhail na caibidlí ar na breithiúna agus bunchearta, agus an cheartais, na saoirse agus na slándála.  Tá obair fíor-riachtanach le déanamh ag Montainéagró chun dul i ngleic le ceisteanna smacht reachta sa tír. Beimid ag obair chun tuilleadh dul chun cinn a bhaint amach sa chaibidlíocht le linn na coda  eile dár dtéarma."


Tá méadú ina chuid lárnach de chlár Uachtaránacht na hÉireann agus dá téama "cobhsaíocht, poist, agus fás". Feiceann an Uachtaránacht beartas méadaithe mar an uirlis is éifeachtúla ag an AE chun le tacú le hathchóiriú agus le claochlú ar fud na hEorpa. Tugann na buntáistí soiléire geilleagracha, cómhargadh níos mó, breis post agus fáis eacnamaíoch, don AE agus dá chuid ball nua ionchasach araon. I ndeireadh na dála, treisíonn an beartas ár slándála agus ár rathúnas. Maidir leis sin, tá Uachtaránacht na hÉireann ag leanúint uirthi ag obair chun beartas méadaithe an Aontais a chur chun cinn le gach ball ionchasach agus táimid ag súil go bhfeicfear  bearta breise á nglacadh roimh dheireadh na hUachtaránachta againne.

A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›