Skip to main content
envi

Díomá ar an Aire Hogan le vótáil Pharlaimint na hEorpa ar thogra ar Shoiléiriú ar Thrádáil Astaíochtaí (cúl-lódáil)

16.04.2013, 12:08 GMT


Comhairle le leanúint leis an obair lena seasamh ar an togra a aontú.

Ag freagairt dó ar thoradh an vóta ó Pharlaimint na hEorpa ar an togra chun an Treoir Trádála Astaíochtaí a shoiléiriú chun críocha cúl-lód1)ála (an togra um ETS a shoiléiriú), dúirt Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil na hÉireann, an tUasal Phil Hogan, TD, ina cháil mar Uachtarán ar Chomhairle na nAirí Comhshaoil, inniu gur chuir cinneadh na Parlaiminte díomá air.

"Príomhfhreagairt na hEorpa ar mhaolú gáis cheaptha teasa is ea an ETS", a dúirt an tAire Hogan, "agus is céim siar í a chuireann aiféala orm má chuireann an cúlú geilleagrach isteach ar a héifeachtacht, atá mar bhonn le haistriú forásach na hEorpa go geilleagar iomaíoch, íseal-charbóin. Tá aistriú luath, éifeachtach ó thaobh costais de, ina eochair do cheannaireacht na hEorpa ar athrú aeráide agus iomaíochas na hEorpa sa gheilleagar glas domhanda atá ag teacht chun cinn."

An tAire Hogan - Leanfaidh an Chomhairle leis an obair lena seasamh ar an togra um shoiléiriú ETS a aontú, agus tá dhá chruinniú eile den Mheitheal Comhshaoil ​​beartaithe aici sna laethanta romhainn chun na críche sin.

Nuair a cuireadh ceist air faoi phleananna na hÉireann mar Uachtaránacht an AE, thug an tAire Hogan le fios go "bhfanann an gá chun aghaidh a thabhairt láithreach ar cheist phraghas an charbóin san ETS ina thosaíocht shoiléir. Cé gur féidir liom an imní a thuiscint faoi idirghabháil in ionstraim mhargadh-bhunaithe, is é fírinne an scéil go bhfuil an AE ag tabhairt aghaidh ar chás eisceachtúil beartais a éilíonn freagairt beartais eisceachtúil. Ceapadh an togra um shoiléiriú ETS le tacú le hidirghabháil dhírithe, ghearrthéarmach a chabhróidh chun ETS a thabhairt ar ais go leibhéal feidhmíochta níos éifeachtúla fad is atá na bearta um athchóiriú struchtúrtha atá riachtanach le treisiú le  hoibriú an ETS san fhadtéarma á meas.

Ag diúltú dó d'aon mholadh gur cheart don Choimisiún an togra a tharraingt siar de bhun vóta na Parlaiminte, leag an tAire béim air go bhfuil an togra faoi réir an phróisis comhchinnteoireachta faoin gConradh agus maidir le hUachtaránacht na hÉireann, "leanfaidh an Chomhairle leis an obair lena seasamh ar an togra um shoiléiriú ETS a aontú, agus tá dhá chruinniú eile den Mheitheal Comhshaoil ​​beartaithe aici sna laethanta romhainn chun na críche sin.

A CHRÍOCH SIN

 

 

 

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Marcella  Smyth
, Urlabhraí Preasa - COREPER I

Marcella Smyth , Urlabhraí Preasa - COREPER I

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›