Skip to main content
envi

Fuair Uachtaránacht AE na hÉireann comhaontú ar 'Shubstaintí Tosaíochta' in Uisce

17.04.2013, 12:13 GMT


D’fháiltigh Aire Rialtais Áitiúil, Comhshaoil agus Pobal na hÉireann, Phil Hogan TD, inniu (17 Aibreán 2013) roimh an gcomhaontú ar leasuithe ar na Rialacháin um Shubstaintí Tosaíochta i dTreoir Uisce, ag cur síos air mar fhorbairt thábhachtach san iarracht le feabhas a chur ar chaighdeán uisce na hEorpa.

Rialaíonn an Treoir astuithe, caillteanais agus sceití na 'substaintí tosaíochta', mar a thugtar orthu, san uisce trí chaighdeáin cháilíochta comhshaoil ​​(EQSs) a bhunú dóibh in uisce agus cláir fhaireacháin a éileamh. I measc na substaintí i dtrácht tá ceimiceáin, miotail áirithe, bithicídí, táirgí cosanta plandaí agus dé-ocsainí. I gcás substaintí a aicmítear mar shubstaintí guaiseacha tosaíochta, éilíonn an reachtaíocht a n-úsáid a chríochnú de réir a chéile.

Bhí na díospóireachtaí deiridh ar siúl idir na páirtithe le seachtain anuas ar mholtaí chun monatóireacht agus rialú substaintí breise lena mbaineann riosca don chomhshaol uisceach. Áirítear ar na moltaí chomh maith caighdeáin níos déine do roinnt de na 33 substaint dá bhfuil ann cumhdaithe ag an reachtaíocht. Seo iad príomhbhuntáistí an chomhaontaithe:

• 12 shubstaint nua arna gcur ar liosta na substaintí tosaíochta a bhfuil tionchar acu ar cháilíocht an uisce agus a cheanglaíonn ar na Ballstáit EQSs sonraithe a bhaint amach i leith na substaintí sin;

•caighdeáin níos déine le haghaidh 7 gcinn de na substaintí atá ann cheana;

• bunú sásra 'liosta faire' chun faireacháin agus eolas a bhailiú maidir le truailleáin ag teacht chun cinn ó líonra de láithreáin fhaireacháin ar fud na hEorpa chun measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht le cur san áireamh feasta i liosta na substaintí tosaíochta;

• 3 chógaisíocht arb ábhar imní iad (ie diclofenac, 17 alfa-ethinylestradiol agus 17 béite-estradiol) a chur leis an gcéad liosta faire.

Fuair Uachtaránacht na hÉireann faomhadh tosaigh ar phacáiste comhréitigh ag cruinniú an lae inniu de Choiste na mBuanionadaithe (COREPER) , atá le deimhniú le Vóta Iomlánach PE  i mBealtaine. Lean sé sin beagnach trí mhí dianchaibidlíochta faoi Uachtaránacht AE na hÉireann.  Ag fáiltiú dó roimh an gcomhaontú, dúirt an tAire Hogan:

"Tá a fhios agam gur dian a d’oibrigh na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún chun teacht ar chomhaontú ar an gcomhad  tábhachtach seo agus is toradh maith é do cháilíocht uisce san Eoraip."

Thug an tAire ómós don obair a rinne an dá Uachtaránacht roimhe seo (an Danmhairg agus an Chipir) sular ghlac Uachtaránacht na hÉireann leis an bhfreagracht le comhaontú a fháil.  


A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Sean Dunne, Press Officer

T:

M:

E:

picture of Marcella  Smyth
, Urlabhraí Preasa - COREPER I

Marcella Smyth , Urlabhraí Preasa - COREPER I

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›