Skip to main content
ecofin

Aontú ar mhaoirseoir baincéireachta Eorpach aonair nua

18.04.2013, 17:21 GMT


Uachtaránacht na hÉireann ag bogadh ar aghaidh go tapa ar aontas baincéireachta

D'aontaigh ballstáit an AE ar mhaoirseoir aonair nua AE do bhainc a bhunú inniu sa Bhruiséil. Lean sé seo aontú lárnach i gcainteanna na nAirí ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil Ecofin i mBaile Átha Cliath an 12-13 Aibreán.

Sa chomhaontú, d'fhormhuinigh na Ballstáit an comhaontú a shocraigh Uachtaránacht na hÉireann le Parlaimint na hEorpa fhreagracht a thabhairt don Bhanc Ceannais Eorpach as bainc na hEorpa a mhaoirsiú .

Dúirt Aire Airgeadais na hÉireann, Michael Noonan

Céim mhór i dtreo aontais bhaincéireachtaIs is ea  an comhaontú ar an maoirseoir baincéireachta aonair . Is ag am tábhachtach don Eoraip a thagann sé .

Ní mór dúinn tógáil ar an móiminteam seo le  dul chun cinn a dhéanamh ar na chéad bhloic thógála eile:  réiteach banc agus ráthaíochtaí taisce.

Maidir linne in Uachtaránacht na hÉireann,  ní dhéanfaimid dhá leath dár ndícheall chun  comhaontú a bhaint amach ar na gnéithe seo, atá  lárnach dár cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais feasta.

Sprioc lárnach d'Uachtaránacht na hÉireann is ea comhaontú ar an maoirseoir aonair. 

Leis an gcomhaontú foirmiúil gabhann dearbhú polaitiúil ag athdheimhniú gealltanas na mBallstát leis an aontas  baincéireachta a thabhairt chun críche go práinneach, agus ag tabhairt faoi deara go ndéanfar beidh togra d'Athrú ar an gConradh a mheas go cuiditheach, chun rialachas agus freagracht na feidhme maoirseachta ar leithligh ag an BCE a imfhálú agus a neartú.

Tosóidh Parlaimint na hEorpa an próiseas formheasa anois a bhaineann leis an Rialachán ÚBE roimh cheadú críochnaitheach na Comhairle gan a thuilleadh plé.

A CHRÍOCH SIN

 

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›