Skip to main content
jha

Shínigh an AE Comhaontuithe um Athghlacadh leis an Airméin agus Rinn Verde

19.04.2013, 13:25 GMT


Shínigh Uachtaránacht na hÉireann, thar ceann an AE, dhá Chomhaontú um athghlacadh isteach ag searmanais an tseachtain seo sa Bhruiséil; le Rinn Verde agus leis an Airméin.

Sna comhaontuithe leagtar amach oibleagáidí agus nósanna imeachta soiléire d'Údaráis Bhallstáit an AE agus Rinn Verde agus na hAirméine maidir le conas agus cathain daoine a thógáil ar ais agus cónaí go mídhleathach orthu i gcríocha a chéile.  Tá na comhaontuithe i bhfeidhm ar náisiúnaigh na stát rannpháirteach agus ar náisiúnaigh tríú tíortha araon.

Na Comhaontuithe Athghlactha leis an Airméin agus Rinn Verde, i gcomhar leis na Comhaontuithe um Éascú Víosaí a síníodh leis an dá stát faoi seach anuraidh, is céim shuntasach leis an sreabhadh imirceach idir an tAontas Eorpach agus an Airméin agus Rinn Verde a bhainistiú níos fearr. Táthar ag súil go dtiocfaidh na Comhaontuithe i bhfeidhm sna míonna romhainn, ag an am céanna leis na Comhaontuithe faoi seach um Éascú Víosaí.

Ag fáiltiú dó roimh na Comhaontuithe le Rinn Verde agus an Airméin, dúirt Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta na hÉireann, Alan Shatter:

"Céim eile i dtreo beartais chcuimsithigh, chothroim imirce idir an tAontas Eorpach agus Rinn Verde agus an Airméin is ea  na Comhaontuithe Athghlactha agus táim ag tnúth le leanúint le comhar leis an dá stát le dul i ngleic leis  na dúshláin agus na deiseanna a eascraíonn as an imirce."

Teastaíonn toiliú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ón dá Chomhaontú.

Tugann na comhaontuithe tacaíocht bhreise d'obair na hUachtaránachta maidir le tearmann agus imirce mar atá leagtha amach inár gClár Uachtaránachta .  Rinneadh dul chun cinn ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus an leanfaidh an Uachtaránacht ar aghaidh leis an  gcaibidlíocht ar thograí reachtaíochta eile i dtaca le cúrsaí tearmainn agus inimirce.

 

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

An Fhoroinn um Beartas Idirnáisiúnta, Fiosruithe Ginearálta

T:

M:

E:

picture of Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›