D’fháiltigh anTánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Eamon Gilmore, roimh an urfhuascailt i gcaibidlíocht na Seirbia-na Cosaive tráthnóna inniu, agus dúirt sé: "Cuirim fáilte mhór roimh an toradh dearfach ar Idirphlé Bhéalgrád-Pristina inniu."
"Mar atá foghlamtha againn ónár bpróiseas síochána féin, is mithid rioscaí a ghlacadh ar son na síochána. Molaim misneach polaitiúil agus iarrachtaí comhsheasmhacha an dá Pr íomh-Aire Dačić agus Príomh-Aire Thaçi. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ardionadaí as rannpháirtíocht an-ghníomhach mar éascaitheoir sa phróiseas freisin.
Leis an gcomhaontú seo tá tSeirbia agus an Chosaiv imithe i bhfad chun na coinníollacha a chomhall le dul chun cinn ar a gcosáin Eorpacha faoi seach, a chuir an Comhairle rompu i mí na Nollag.
Táim ag tnúth go mór le sonraí breise a chloisteáil ón Ardionadaà Ashton agus ón gCoimisinéir Fule agus a gcuid tuarascálacha a mheas ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta mar a mbeidh mé sa chathaoir i Lucsamburg Dé Luain.
Ach creidim gur céim thà ¡bhachtach chun tosaigh í seo agus go bhfuil an cumas inti, má chuirtear i bhfeidhm go hiomlán í, tréimhse dheacair ina stair chomhroinnte a dhúnadh agus bheith ina tús nua dá gcuid saor ánach uile.
Tá súil agam go mór nach amháin go bhfáilteofar roimh an deis thábhachtach seo le todhchaí nua níos rathúla a thógáil ach go dtabharfar tacaíocht láidir di sa tSeirbia agus sa Chosaiv agus sa réigiún leathan mórthimpeall."
Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton TD, freisin roimh thoradh an idirphlé Béalgrád-Pristina inniu. Ag labhairt di ag deireadh na gcainteanna, dúirt an tAire:
"Tar éis go leor uair an chloig de chainteanna deacra idir an tSeirbia agus an Chosaiv tá siad imithe i bhfad chun na coinníollacha a chomhall le dul chun cinn ar a gcosáin Eorpacha faoi seach. Ba í an Chomhairle a leag na cúraimí orthu i mí na Nollag agus ba cheart dul chun cinn an lae inniu a aithint. Tá Uachtarà ¡nacht na hÉireann réidh chun obair leis an dá pháirtí sna seachtainí atá romhainn. Tosóidh sé seo nuair a bhuailfidh mé le hAire um Chomhtháthú Eorpach na Cosaive, Vlora Citaku, i Lucsamburg Dé Luain. Bhuail mé le Leas-Phríomh-Aire na Seirbia atá i gceannas ar Lánpháirtíocht Eorpach, Suzana Grubješiæ, i Strasbourg níos luaithe an tseachtain seo. "
Lean sí uirthi:
"Thug mé cuairt ar Bhéalgrád agus Pristina i Meán Fómhair seo caite. Le linn an turais chonaic mé an acmhainneacht fhíor don dá thaobh teacht le chéile agus tá mé an-sásta go bhfuil muid ag bogadh leis an acmhainn seo a réadú. Tá clár oibre an mhéadaithe an-ghar do mo chroí. Táim ag tnúth le cuairt ar an réigiún ar son Uachtaránacht na hÉireann i mí an Mheithimh, roimh an gComhairle Eorpach ag deireadh na míosa sin. "
A CHRÍOCH SIN
Nóta d'Eagarthóirí
Cuireadh tús leis an Idirphlé Béalgrád-Pristina i Márta 2011 mar shraith caibidlíochtaí atá dírithe ar chaidreamh a normalú idir an tSeirbia agus an Chosaiv, tar éis dhearbhú aontaobhach neamhspleáchais na Cosaive i mí Feabhra 2008. Éascaíonn an tArdionadaí Catherine Ashton agus an tAontas Eorpach (EEAS) na cainteanna. Díríodh sna babhtaí is déanaí sna phléití ar thuaisceart na Cosaive, go háirithe ar chumann / pobal bardas Seirbiach, agus ar an gcaoi le slándáil agus ceartais a chinntiú i struchtúr institiúideach amháin.
Tá béim curtha ag an AE air gur gá do Bhéalgrád dul chun cinn nithiúil a léiriú i normalú a chaidrimh leis an gCosaiv chun caibidlà ocht aontachais leis an tSeirbia a oscailt. Ina dhiaidh sin rinne an AE soiléir go mbeidh dul chun cinn lárnach chomh maith le tús a chur le caibidlíocht ar Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an gCosaiv. Tar éis chomhaontú an lae inniu beidh an dá eilimint sin le breithniú anois ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta, a mbeidh an Tánaiste ina chathaoirleach uirthi i Lucsamburg Dé Luain.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter