Skip to main content
ecofin

Sroicheann Uachtaránacht na hÉireann comhaontú ar rialacha morgáiste nua Eorpacha

22.04.2013, 19:25 GMT


Breis eolais agus cosaint níos fearr do thomhaltóirí de bharr an chomhaontaithe.

Bhain Uachtaránacht na hÉireann comhaontú sealadach amach inniu le Parlaimint na hEorpa ar rialacha nua le tairbhiú do shealbhóirí morgáiste agus tomhaltóirí ar fud na hEorpa.

Is ionann an comhaontú seo agus eochairsprioc de chuid na hUachtaránachta a bhaint amach, mar atá leagtha amach i gclár na hUachtaránachta.

Ag labhairt dó faoin aontú a baineadh amach sa Bhruiséil inniu, dúirt an tAire Airgeadais, Michael Noonan TD:

Chonaiceamar in Éirinn an tslí inar chuir cleachtais maidir le creidmheas morgáiste leis an ngéarchéim sa chóras airgeadais. Na rialacha nua a aontaíodh inniu, is fearr an t-eolas a thabharfaidh siad do thomhaltóirí faoi iarratais agus tairiscintí morgáiste.

An tAire Noonan - "Seo toradh eile tábhachtach d'Uachtaránacht na hÉireann ar sheirbhísí airgeadais, a chuireann lenár n-aidhm fhoriomlá, i cosaint do thomhaltóirí a fheabhsú. "

Neartóidh na rialacha nua cearta na sealbhóirí morgáiste feasta ar fud an AE trí na nithe seo a leanas:

Faisnéis fheabhsaithe réamhchonarthach do thomhaltóirí, lena n-áirítear:

  • Bileog Eolais nua Chaighdeánaithe Eorpach (ESIS) a éascóidh comparáid na morgáistí do dhaoine
  • Rialacha Nua fógraíochta do mhorgáistí ina mbeidh, mar shampla, faisnéis níos soiléire ar an ráta céatadánach bliantúil

Measúnuithe feabhsaithe ar inchairdeas rialacha níos déine do mheasúnú creidmheasa na ndaoine a iarrann morgáistí

  • Ba chóir go mbeadh údarú ón údarás maoirseachta ábhartha ag idirghabhálaithe
  • ceanglais inniúlachta nua do iasachtóirí morgáiste

Feabhsaigh riachtanais eolais agus inniúlachta don fhoireann sna bainc agus d'idirghabhálaithe creidmheasa a thugann morgáistí

Rogha do thomhaltóirí a mhéadú trí chead a thabhairt d'idirghabhálaithe creidmheasa oibriú thar teorainn

Ceadaíonn an Treoir nua prionsabail ardleibhéil freisin i ndáil le hoideachas airgeadais do thomhaltóirí agus riaráistí agus foriamh. Forchuireann sé riachtanas chun bearta a ghlacadh le creidiúnaithe a spreagadh chun fadairí réasúnach a fheidhmiú sula ndéanfaí imeachtaí foriaimh a thionscnamh.

Cabhróidh na rialacha nua, atá leagtha amach sa Treoir um Chreidmheas Morgáiste, freisin le hinchomparáideacht na dtáirgí morgáiste, rud a mhéadóidh cothrom na Féinne ar fud na hEorpa agus a chabhróidh le margadh morgáistí trasteorann a fhorbairt.

Ní mór don chomhaontú sealadach a baineadh amach le Parlaimint na hEorpa formhuiniú a fháil ó Bhallstáit an AE anois sula dtabharfar chun críche é.

A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Paul Bolger, Urlabhraí na hUachtaránachta do Roinn Airgeadais

Paul Bolger, Urlabhraí na hUachtaránachta do Roinn Airgeadais

T:

M:

E:

picture of Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›