An chéad phlé substainteach ar éifeachtaí Ola & Gáis neamhnósmhar ar sholáthar, iomaíochas agus praghsanna fuinnimh sa chruinniú seo
Tabharfaidh Cruinniú Neamhfhoirmiúil na nAirí Fuinnimh AE, a bheidh ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 23-24 Aibreán, aghaidh ar an dá théama 'Ag Breathnú ar an Todhchaí d'Fhuinneamh, TFC agus Nuáil' agus 'Ár gCumas Fáis Ghlais agus Éifeachtúlachta Fuinnimh a shroicheadh ar fud Gheilleagar na hEorpa '.
Beidh an cruinniú ar siúl cúl le cúl le cruinniú neamhfhoirmiúil Airí Comhshaoil an AE agus tosóidh sé le lón oibre ar an bPáipéar Uaine ar Fhís 2030 um Aeráid agus Fuinneamh.
I measc na saincheisteanna a bheidh le plé go mion ag na hairí tá: Rialú Níos Fearr ar Thomhaltas Fuinnimh trí theicneolaíochtaí cliste; Tionchar na Hidreacarbón neamhnósmhar ar an soláthar Fuinnimh, Iomaíochas agus Praghsanna; Teacht ar an Airgead do chur chun feidhme na Treorach Éifeachtúlachta Fuinnimh agus Lánpháirtiú na bhfoinsí inathnuaite Inathraithe san Eoraip. Tugann an cruinniú deis do na hAirí Fuinnimh do phlé tosaigh ar ghás agus ola neamhnósmhar chomh maith. Seo an chéad uair a phléifidh cruinniú na nAirí Fuinnimh éifeachtaí ola agus gáis neamhnósmhair ar sholáthar, iomaíochas agus praghsanna fuinnimh go substaintiúil.
Don chlár oibre neamhfhoirmiúil iomlán agus tuilleadh eolais téigh go leathanach na n-imeachtaí.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter