Bunú bunús dlí le soláthar vacsaíne ar fud an AE a chomhordú - gné ríthábhachtach den chomhaontú.
D’fháiltigh Aire Sláinte na hÉireann, an Dr James Reilly, TD, anocht (6 Bealtaine) roimh gcomhaontú a shábhálann beathaí atá bainte amach ag Uachtaránacht na hÉireann ar an gCinneadh faoi bhagairtí tromchúiseacha Trasteorann ar Shláinte. Is tosaíocht é an Cinneadh d'Uachtaránacht na hÉireann i réimse na Sláinte Poiblí agus tá sé mar chuid de Chlár na hUachtaránachta.
Cabhróidh an Cinneadh le Ballstáit ullmhú do phaindéimí féideartha amach anseo agus tubaistí comhshaoil agus a gcuid saoránach a chosaint orthu. Neartaíonn sé ullmhacht riosca agus pleanáil freagartha, feabhsaíonn sé ar rochtain ar vacsaíní do Bhallstáit, agus soiléireoidh sé cumarsáid géarchéime don phobal agus do lucht gairme cúram sláinte.
Is gné ríthábhachtach den chomhaontú bonn dlíthiúil a bhunú do chomhordú an tsoláthair vacsaíne ar fud an AE. Tabharfaidh sé sin rochtain níos cothroime do vacsaíní ar phraghsanna níos córa - forbairt a bhfáilteoidh Ballstáit beags roimpi, óir nach acmhainn dóibh praghsanna ró-arda a gearradh orthu le linn paindéimí le déanaí. Beidh an AE freisin in ann tús a chur le táirgeadh vacsaíne paindéime é féin, rud a thabharfaidh vacsaíniú níos tapúla i gcás éigeandála ar deireadh thiar.
Agus fáilte á cur roimh an gcomhaontú aige dúirt an tAire Reilly "Is forbairt ríthábhachtach í seo do shláinte shaoránaigh an AE. Tá a fhios againn nach bhfuil meas ag paindéimí ar theorainneacha. Is eol go maith freisin nach treise slabhra ná an nasc is laige ann. Leis an gCinneadh seo tiocfaidh na Ballstáit le chéile chun ullmhú do bhagairtí sláinte poiblí amach anseo agus gníomhú ina n-aghaidh ." Tá an comhaontú go háirithe tráthúil mar gheall ar an ráig de víreas an fhliú éanúil A (H7N9) le déanaí sa tSín.
Fuair Uachtaránacht na hÉireann comhaontú le creat slándála sláinte an Aontais Eorpaigh a fheabhsú tar éis trí mhí dian-chaibidlíochta le Parlaimint na hEorpa. Anois cuirfear os comhair Choiste na mBuanionadaithe d’fhormheas críochnaitheach é.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter