Mórchomhdháil cúraim sláinte ar siúl in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath (CCD) - Luan 13 go Céadaoin 15 Bealtaine, 2013
Beidh úsáid a bhaint as teicneolaíocht chun réabhlóid a chruthú sa chúram sláinte agus torthaí d’othair a fheabhsú mar fhócal ag an tSeachtain rShláinte idirnáisiúnta, a bheidh ar siúl in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath ó 13-15 Bealtaine 2013.
Tabharfaidh an chomhdháil agus an taispeántas le chéile scoth na teicneolaíochta sláinte agus na saineolaithe i réimse na 'Sláinte Nasctha'. Cuirfidh an tSeachtain rShláinte deiseanna ar fáil d’ambasadóirí agus nuálaithe i réimsí na bainistíochta agus na teicneolaíochta cúraim sláinte chun dea-chleachtas a chomhroinnt, agus a treochtaí atá ag teacht chun cinn i dtionscal na 'Sláinte Nasctha' a léiriú.
Cruthóidh an chomhdháil deiseanna le forbairt an mhargaidh a leathnú trí chomhoibriú idir ceannairí gnó agus lucht déanta beartas ní hamháin maidir le torthaí sláinte dearfacha d'othair, ach freisin ag iarraidh buntáistí eacnamaíochta agus ionchas fostaíochta a uasmhéadú d'Éirinn trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt.
Táthar ag súil go meallfaidh an ócáid breis is 2,500 toscaire idirnáisiúnta agus 100 taispeántóir, ina measc lucht cinnteoireachta domhanda ó earnálacha na sláinte poiblí agus príobháidí, cliniceoirí, ospidéil agus bainisteoirí TF agus aíonna mór le rá. I measc na n-aíonna mór le rá beidh an Taoiseach Enda Kenny, an Gobharnóir Deval Patrick (Massachusetts), agus an Seanadóir Therese Murray, Uachtarán Sheanad Massachusetts.
Sa taispeántas beidh ionadaíocht ó Cheanada, an Eoraip agus SAM, chomh maith le cuideachtaí dúchasacha. Nuálaíocht spreagúil, sin margadh rShláinte AE-SAM, ócáid cleamhnais a bhfuil fúithi comhoibriú idir chuideachtaí Eorpacha agus SAM agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh.
Beidh Pailliún Uachtaránacht na hÉireann / an Choimisiúin Eorpaigh i lár an aonaigh ag an Ionad Comhdhála agus beidh beidh sé mar óstach don Roinn Sláinte, an Coimisiún Eorpach, Fiontraíocht Éireann, IDA Ireland agus roinnt páirtithe leasmhara agus cuideachtaí stáit agus tionscal.
Eoraip shláintiúil a thógáil, sin tosaíocht lárnach d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tá an tSeachtain rShláinte ina cuid de chlár Uachtaránacht na hÉireann atá dírithe ar chórais sláinte nuálacha agus inbhuanaithe na todhchaí. An comhaontú a baineadh amach le déanaí le saoránaigh a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte [LINK TO PRESS RELEASE ], b’shin cuid d’iarracht na hUachtaránachta le hEoraip shláintiúil a thógáil.
Beidh Uachtaránacht na hÉireann mar óstach ar chruinniú Ardleibhéil Airí AE i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chomh maith le sraith cainteanna ar Shláinte Ceangailte mar chuid de Chomhdháil agus de Thaispeántas Domhanda TF na Sláinte (WoHIT) a d’eagraigh HIMSS Eoraip *. Fáilteoidh an Dr James Reilly TD, Aire Sláinte, roimh Ms Neelie Kroes, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus an Dr Tonio Borg, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte & Beartas Tomhaltóirí, chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath agus an Lárionad Tionóil.
I measc na gcainteoirí do Sheachtain na rShláinte beidh:
Máire Geoghegan-Quinn, Coimisinéir Eorpach um Thaighde, Nuáil agus Eolaíocht;
An tOllamh George Crooks, OBE, Stiúrthóir Míochaine, NHS 24 & Ionad na hAlban do Theileashláinte agus Teileachúraim;
An Seanadóir Therese Murray, Uachtarán an tSeanaid, Stát Massachussets;
An tUasal Patrick Mallea, POF Ionad Náisiúnta na Fraince le haghaidh cúraim bhaile agus Féinriar;
An Dr Tracey Cooper, POF, HIQA;
An tOllamh Gerry Lyons, Déan na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Uachtarán Chumann Faisnéisíochta Sláinte na hÉireann (HISSI);
An Dr Alexandra WYKE, POF, PatientView. **
Tá liosta iomlán na gcainteoirí le fáil ag http://worldofhealthit.org/2013/education/conference-speakers/
Breis eolais le fáil ag:
www.ehealthweek.org
http://eu2013.ie/events/event-items/highlevele-healthconference-20130513/
http://www.dohc.ie/issues/eHealth/
Faigh an nuacht is déanaí ar Twitter @AE eHealthweek , # eHW13 agus ar Facebook.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter