Cuirfidh Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann, Simon Coveney TD, téacs athbhreithnithe 200 leathanach faoi bhráid Airí Iascaigh an AE ag cruinniú den Chomhairle Dé Máirt ag lorg sainordú nua do chaibidlíocht dheiridh le Parlaimint na hEorpa ar an CBI athchóirithe.
Úsáidfidh an tAire Coveney téacs dlí comhréitigh athbhreithnithe 200 leathanach a thagann as caibidlíocht fhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa mar bhonn caibidlíochtaí le hAirí Iascaigh an AE Dé Máirt. Is é an cuspóir teacht ar chomhaontú polaitiúil ar phacáiste comhréitigh deiridh d’fhonn deireadh a chur leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún faoi Athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh le linn Uachtaránacht na hÉireann.
An tAire Coveney - "Tá dul chun cinn maith i gcaibidlíocht leis an bParlaimint déanta ag Uachtaránacht na hÉireann agus tá pacáiste comhréitigh uaillmhianach curtha faoi bhráid na nAirí le plé agus le comhaontú sa Chomhairle."
Dúirt an tAire Coveney: "Ní mór dúinn a bheith feasach faoi na buntáistí móra a thabharfaidh Comhbheartas Iascaigh leasaithe, inbhuanaitheacht fhadtéarmach ár stoic éisc agus rathúnas dár dtionscal iascaigh agus do phobail cois cósta". Tá Comhbheartas Iascaigh athchóirithe go simplí ró-tábhachtach le go dteipfeadh orainn. Ní mór dúinn ár n-iarrachtaí a dhúbailt anois i rith na laethanta amach romhainn sa Chomhairle agus seachtainí deiridh ár nUachtaránachta chun a chinntiú go meidh de thoradh ar ár rath luath le comhaontú a shocrú Athchóiriú substaintiúil comhaontaithe ar Chomhbheartas Iascaigh an AE. "
Tá tábhacht lárnach le comhaontú Chomhairle na nAirí ar phacáiste comhghéilltí ar na príomh-shaincheisteanna polaitiúla agus cé go gcreideann an tAire Coveney go bhfuil na hAirí tiomanta do leasuithe uaillmhianacha, is eol dóibh freisin dúshláin praiticiúla na n-iascairí le cur i bhfeidhm na leasuithe agus na hiarmhairtí socheacnamaíocha féideartha i bpobail chósta más rud é nach mbeidh an pacáiste um Athchóiriú struchtúrtha go maith.
Dúirt an tAire Coveney gur dócha go mbeidh an chaibidíocht chinntitheach le leasú cuimsitheach ar CBI an AE a aontú sa Chomhairle an-deacair mar gheall ar an tábhacht sna deich mbliana amach romhainn a bhainfidh lena gcinnfear ag an gcruinniú.
Dúirt an tAire: "Beidh an plé sa Chomhairle sna laethanta amach romhainn thar a bheith deacair. Tá mé ag iarraidh ar na hAirí dul níos faide ná an comhaontú a baineadh amach le mórdheacrachtaí agus a fuair tacaíocht ó 26 Ballstát sa Chomhairle i mí Feabhra. Tá dul chun cinn maith i gcaibidlíocht leis an bParlaimint déanta ag Uachtaránacht na hÉireann agus tá pacáiste comhréitigh uaillmhianach curtha faoi bhráid na nAirí le plé agus le comhaontú sa Chomhairle." Níl aon bhreall orainn maidir le cé chomh deacair a bheidh sé comhaontú na Comhairle a fháil ar an bpacáiste uaillmhianach. Féachfaidh mé leis an gComhairle a choimeád chomh aontaithe agus is féidir chun tacú le pacáiste um Athchóiriú. Má aontaítear ansin leis an bParlaimint é, is féidir leis athrú radacach, substaintiúil a chur ar Chomhbheartais Iascaigh an AE. "
A CHRÍOCH SIN
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter