Beidh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE, Parlaimint na hEorpa agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí mar óstaigh ar chomhdháil i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil ar an gcaoi le cumas eadrána an AE a neartú.
Tá cur chun cinn na síochána agus aighnis a chosc ina spreagadh tábhachtach i bhforbairt an Aontais Eorpaigh, mar a d'aithin Duais Nobel na Síochána 2012. Tá cruthú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, gona líonra domhanda Toscaireachtaí AE agus foireann tacaíochta eadrána tiomanta, tar éis cumas an AE don eadráin ar son na síochána a fheabhsú.
Tabharfaidh an chomhdháil ardleibhéil le chéile lucht déanta beartas agus cleachtóirí beartas ón AE, na Náisiúin Aontaithe agus an tsochaí shibhialta le cion eadrána an Aontais Eorpaigh a scrúdú. Chomh maith leis na gníomhaíochtaí a rinne an AE agus a Thoscaireachtaí go díreach, scrúdóidh an chomhdháil comhar an AE le comhpháirtithe lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na Náisiún Aontaithe atá gníomhach i réimse na headrána. Iniúchfaidh an chomhdháil láidreachtaí agus laigí na n-uirlisí atá ann cheana féin, measfaidh sí céimeanna le cumas eadrána an AE a fheabhsú, ina measc measúnú ar an moladh go mbunófaí Institiúid Eorpach um Shíocháin.
Elmar BROK, Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha i bParlaimint na hEorpa, agus Helga Schmid, Leas-Ard-Rúnaí an SEGS, a osclóidh an chomhdháil. Labhróidh saineolaithe eadrána ón tsochaí shibhialta, na Náisiún Aontaithe sa phlé roimh spreagaithisc ón Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Eamon Gilmore (Éire), ón Aire Gnóthaí Eachtracha Carl Bildt (An tSualainn) agus ó Pierre Vimont, Ard-Rúnaí Feidhmeannach an SEGS.
A CHRÍOCH SIN -
Nóta d'Eagarthóirí
• Faisnéis Imeachta:
http://eu2013.ie/events/event-items/associated-20130528theeuaspeacemaker/
• Measfaidh an chomhdháil na gníomhaíochtaí a beartaíodh i gCoincheap Eadrána 2009 an AE, atá inrochtana anseo: http://eeas.europa.eu/cfsp/conflict_prevention/docs/concept_strengthening_eu_med_en.pdf
• Tá teacht ar eolas faoi ghníomhaíochtaí reatha Aonad Tacaíochta Eadrána SEGS anseo: http://eeas.europa.eu/cfsp/conflict_prevention/
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter