D'fháiltigh an tAn tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney, inniu roimh an gcabhair dhearfach chuiditheach ó Pharlaimint na hEorpa le comhaontú polaitiúil a bhaint amach ar leasú an CBT faoi dheireadh an Mheithimh. Ag labhairt dó tar éis chruinniú neamhfhoirmiúil Chomhairle na nAirí Talmhaíochta i mBaile Átha Cliath, ghabh an tAire Coveney buíochas as freagra dearfach na Parlaiminte ar a chuireadh labhairt go díreach leis na hAirí. Thuig sé go háirithe luach rannpháirtíocht na Parlaiminte lena chur ar chumas na dtrí institiúid malartú smaointe le tuiscint níos fearr a fháil ar sheasamh a chéile ar chuid de na príomhcheisteanna polaitiúla. Thug sé deis freisin don Chomhairle machnamh ar na malartuithe agus a cuid féin plé a dhéanamh ar réiteach na saincheisteanna polaitiúla sin.
Tharla an plé le Parlaimint na hEorpa maidin Dé Luain, nuair a bhí Cathaoirleach Choiste na Parlaiminte um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe, Paolo DeCastro, na Rapóirtéirí ar gach ceann de na ceithre shainchomhad um athchóiriú an CBT, agus na Comhordaitheoirí ó gach ceann de ghrúpaí polaitiúla na Parlaiminte i láthair na Comhairle. Thug an tUasal DeCastro agus na Rapóirtéirí cur síos ar a seasaimh maidir le saincheisteanna tábhachtacha, ina measc cóineasú inmheánach na n-íocaíochtaí díreacha, íocaíochtaí cúpláilte, cuótaí siúcra, aisíocaíochtaí onnmhairithe agus réimsí sriantachta nádúrtha. Tugadh deis do na hAirí ansin a dtuairimí agus a gcuid ábhar imní a mhalartú leis an bParlaimint in iarracht chun réimsí acmhainne comhthalún a aithint. Dúirt an tAire Coveney gur malartú an-úsáideach agus faisnéiseach a bhí ann, a rinneadh in atmaisféar an-dearfach ina raibh sé soiléir go raibh na trí institiúid fós dírithe go daingean ar chomhaontú a bhaint amach faoi dheireadh Uachtaránacht na hÉireann.
An tAire Coveney - "Thar aon ní eile, neartaigh na cainteanna sin mo mhuinín go mbeidh mé in ann pacáiste beart a chur i láthair na Comhairle ag deireadh an Mheithimh a ligfidh dúinn comhaontú polaitiúil foriomlán a thabhairt chun críche laistigh den amscála a leagamar amach ag tús Uachtaránacht na hÉireann."
Gnáthchruinniú Comhairle a bhí ann inniu, an dara lá den chruinniú neamhfhoirmiúil, agus an tAire Coveney i gceannas ar phlé athleanúna a léirigh torthaí mhalartuithe an lae inné. Rinneadh plé ar sheasaimh gach ceann de na trí institiúid ar na saincheisteanna faoi seach, agus an tAire Coveney ag lorg tuairimí na mBallstát maidir le conas a d'fhéadfaí na difríochtaí idir na hinstitiúidí a laghdú i gcomhthéacs níos leithne le teacht ar chomhaontú foriomlán sásúil. Bhí sé an-sásta leis na malartuithe, agus gheall sé tuairimí na mBallstát a chur san áireamh agus iad ag druidim i dtreo comhréitigh fhoriomláin.
Dúirt an tAire Coveney:
"Dhá rud an-suntasach a tharla ar ár dtionól le dhá lá anuas. Den chéad uair, bhí plé díreach ag Parlaimint na hEorpa leis na hAirí Talmhaíochta ar shaincheisteanna tábhachtacha atá ina ábhar imní dúinn go léir. Rinne siad amhlaidh ar bhealach an-oscailte agus cuiditheach, ar fháiltigh mé féin agus mo chomhghleacaithe Ballstát go croíúil roimhe. Agus d' éascaigh sé sin plé an-úsáideach, cuimsitheach Comhairle, a bunaíodh go díreach ar na pointí a d'eascair ón bplé leis an bParlaimint.
"Bhí an plé inné an-chabhrach. Tá áthas ar leith orm gur tháinig tairbhe chomh mór sin as tionscnamh neamhghnách na hUachtaránachta cuireadh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa chuig plé neamhfhoirmiúil díreach. Ba léir go n-aithníonn na trí institiúid an fhíric gur gá cinntí tábhachtacha a dhéanamh gan mhoill, agus sílim go mbeidh an malartú neamhfhoirmiúil leis an bParlaimint, go háirithe, ina chabhair mhór agus muid ag bogadh isteach i seachtainí deiridh na caibidlíochta.
"D'éisteas go han-chúramach le tuairimí na mBallstát ar na saincheisteanna a pléadh le dhá lá anuas. Cabhróidh na tuairimí sin le hidirghníomhaíocht leanúnach na hUachtaránachta leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún agus sinn ag féachaint le teacht ar réiteach faoi na cruinnithe trípháirtí agus na díospóireachtaí polaitiúla comhthreomhara sna seachtainí atá romhainn. Thar aon ní eile, neartaigh na cainteanna sin mo mhuinín go mbeidh mé in ann pacáiste beart a chur i láthair na Comhairle ag deireadh an Mheithimh a ligfidh dúinn comhaontú polaitiúil foriomlán a thabhairt chun críche laistigh den amscála a leagamar amach ag tús Uachtaránacht na hÉireann. "
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter