Ar maidin bhain Uachtaránacht na hÉireann ceann dá tosaíochtaí is airde amach le comhaontú ar Chomhbheartas Iascaigh nua san AE.
Dúirt an tAire Coveney, ag fáiltiú dó roimh an gcomhaontú: "Ag tús Uachtaránacht na hÉireann leag mé amach clár oibre uaillmhianach, dúshlánach, mar gur chreid mé gur ghá go dtarlódh athchóiriú ár gcuid iascach anois."
Aire Coveney - "Tar éis míonna de dhianchaibidlíocht faoi mo stiúir, tá an-áthas orm gur aontaíomar beartas anois atá praiticiúil, inchurtha chun feidhme agus ceann a chuireann inbhuanaitheacht go daingean ag a chroílár."
"Is beartas é a chinnteoidh tionscal bríomhar, ríthábhachtach, agus stoc iascaigh sláintiúil go ceann i bhfad."
I measc na n-éachtaí faoin gComhbheartas Iascaigh nua tá siad seo a leanas:
- Leis an mbeartas nua beidh orainn cuótaí a shocrú a urramóidh comhairle eolaíochta go hiomlán. Tabharfaidh sé sin stoic éisc shláintiúla agus cuótaí níos airde, agus stoic éisc á mbainistiú ag na leibhéil uasta atá inbhuanaithe.
- Ní cheadófar stoic éisc a chuileáil feasta. Cuireann sé sin deireadh leis an seanbheartas a chuireadh iallach ar iascairí bia a chur amú trí éisc a chaitheamh san fharraige. Tabharfaidh an beartas nua cuótaí níos airde le haghaidh ár n-iascairí.
- Cuireann an beartas nua iascairí ag croílár bearta teicniúla agus caomhnaithe a fhorbairt le héisc óga agus speicis éisc leochaileacha a chosaint trí chur chuige cinnteoireachta réigiúnaithe a bheidh go hiomlán nua. Is athrú mór é sin mar go dtí seo bhíodh an chinnteoireacht láraithe sa Bhruiséil.
- Tiomantas le ceantair atá íogair go bitheolaíoch a fhorbairt agus a neartú, le láithreacha sceite agus daonraí arda iasc óg.
Faoi dheireadh na cuileála, dúirt an tAire Coveney "Bhí an ghné chasta seo ar na cinn ba chonspóidí agus ba dheacra a aontú mar gheall ar go leor peirspictíochtaí éagsúla ar an gcaoi a bheadh toirmeasc ag obair go praiticiúil. A bhfuil comhaontaithe againn ar maidin, sin beartas iascaigh nua a fhéachann le cabhrú lenár stoic éisc a thabhairt ar ais agus na hiascairí agus na pobail atá ag brath ar an iascach dá slí bheatha a chosaint."
Ní hamháin go dtugann an t-athchóiriú, ina iomláine, cosc ar chuileáil ach freisin soláthraíonn sé acmhainn do bhealaí nua iascaigh inbhuanaithe, margadh níos trédhearcaí agus níos iomaíche, chomh maith le hiascairí a chumhachtú le ról lárnach sa chinnteoireacht dá gcuid iascaigh a thabhairt dóibh.
Thángthas ar an gcomhaontú idir Uachtaránacht na hÉireann, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach agus beidh air anois dul chuig Coiste na mBuanionadaithe le formheas críochnaitheach a fháil.
A CHRÍOCH SIN
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter