Skip to main content
envi

Uachtaránacht na hÉireann – cosc ar chaidmiam agus mearcair i gcadhnraí aontaithe

05.06.2013, 20:45 GMT


D’fháiltigh Cathaoirleach na Comhairle Comhshaoil, Phil Hogan TD, roimh an gcomhaontú inniu ar leasuithe ar an Treoir Cadhnraí, ag rá gur céim thábhachtach i bhforbairt cadhnraí níos sábháilte, níos tíosaí ar fhuinneamh í, a rachaidh chun tairbhe do shláinte an duine agus don timpeallacht. Coisceann an comhaontú úsáid caidmiam i gcadhnraí uirlise cumhachta gan sreang, agus cealla cnaipe a bhfuil mearcair iontu.

In 2006, ghlac an AE reachtaíocht a d’fhéach le díobháil cadhnraí agus taisc-cheallraí don chomhshaol a laghdú. Sa Treoir Cadhnraí tá cosc ​​ar leith ar chadhnraí agus taisc-cheallraí ina bhfuil mearcair agus caidmiam, ach bhí díolúine do chadhnraí d’uirlisí cumhachta gan sreang agus cealla cnaipe ina bhfuil leibhéil ísle mearcair.

Thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa leis na díolúintí sin a bhaint amach agus fáilteoidh grúpaí tomhaltóirí agus tionscail roimh an leasú breise ar an Treoir a shoiléiríonn nach mór cadhnraí a bheith inbhainte go héasca ag úsáideoirí deiridh nó ag gairmithe cáilithe.

Is iad seo príomhbhuntáistí an chomhaontaithe:

  • laghdú suntasach i méid an chaidmiam a thugtar isteach i ngeilleagar na hEorpa gach bliain agus a úsáidtear i dtáirgí ó lá go lá agus laghdú comhfhreagrach ar an mbaol go scaoilfí caidmiam isteach sa chomhshaol;
  • laghdú breis is 10% ar eastóscadh domhanda d’aonghnó caidmiam ó acmhainní príomhúla;
  • laghdú ar an tionchar ar an gcomhshaol as úsáid mearcair agus na rioscaí a bhaineann le mearcair a scaoileadh isteach sa chomhshaol ós rud é go ndéantar cealla cnaipe, i ngeall ar a méid, a dhiúscairt go minic go míchuí i ndramhaíl cathrach;
  • luasghéarú ar an athrú go monarú cadhnraí atá saor ó Hg. 

Ag cur fáilte roimh an gcomhaontú dó, dúirt Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil na hÉireann, Phil Hogan TD:

"Mar gheall ar na tionchair chomhshaoil ​​atá ag caidmiam agus mearcair araon, táim  thar a bheith sásta le conclúid rathúil na gcainteanna le Parlaimint na hEorpa. Tá an dá shubstaint tocsaineach áit a gcarnann siad sa timpeallacht agus bíonn siad faoi deara dochar dochúlaithe. Táthar ag leanúint ag forbairt teicneolaíochtaí malartacha agus mar sin tá sé oiriúnach gníomhú anois chun díolúintí atá go soiléir as dáta  inniu a bhaint amach. Táim sásta freisin go dtugann an comhaontú seo an raon feidhme is gá le teicneolaíocht bhreise agus nuáil a fhorbairt sa réimse seo don tionscal."

Mhol an tAire chomh maith an obair a rinne an dá Uachtaránacht roimhe seo (an Danmhairg agus an Chipir) sular ghlac Uachtaránacht na hÉireann leis an bhfreagracht teacht ar chomhaontú.

A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Marcella  Smyth
, Urlabhraí Preasa - COREPER I

Marcella Smyth , Urlabhraí Preasa - COREPER I

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›