Skip to main content
jha

Fuair Aire Bruton sainordú stairiúil le cainteanna trádála AE-SAM a thosú

15.06.2013, 00:40 GMT


Acmhainneacht ar 400,000 post nua agus méadú 0.5% ar OTI an AE

 

Bhain an tAire Post, Fiontar agus Nuála, Richard BrutonTD, aontú amach inniu i measc Airí Trádála an AE le caibidlíocht idir an AE agus SAM ar chomhaontú trádála nua a thosú.

Dúirt an tAire Richard Bruton: "Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil muid tagtha ar chomhaontú i measc Airí Trádála an AE ar an sainordú chun tús a chur le cainteanna arComhpháirtíocht. Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach AE-SAM  Tá teacht ar chomhaont ú i measc Airí Trádála an AE ar na téarma í don sainordú idirbheartaíochta AE inaphríomhthosaíocht d'Uachtaránacht na hÉireann ó mhí Eanáir. Is iad is tosaíochtaíd'Uachtaránacht na hÉireann Cobhsaíocht, Fás agus Poist agus tá acmhainneacht ollmhór ag comhaontú trádála AE-SAM i ngach ceann de na réimsí sin. D'fhéadfadh Comhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta chuimsitheach OTI an AE a mhéadú 0.5% in aghaidh na bliana le himeacht ama agus cabhrú le thart ar 400,000 post a chruthú san AE. "

"Is é an caidreamh trádála trasatlantach an ceann is suntasaí inár ngeilleagar domhanda – is ionann é agus breis is15 milliún post ar dhá thaobh an Atlantaigh. Ach tá a acmhainneacht iomláni bhfad ó bheith in úsáid. Tugann comhaontú nua deiseanna suntasacha do ghnólachtaídúchasacha i ngach earn áil le honnmhairiú chuig margadh ollmhór na Stát Aontaithe. Rachaidh sé chun tairbhe gnólachtaí SAM in Éirinn freisin, a fhostaíonn cheana féin breis is115,000 duine go díreach.

"Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabh áil le mo chomh-Airí Trádála AE as an tiomantas atá léirithe acu le roinnt míonna anuas chun teacht ar chomhaontú ar shainordú chun ligean don idirbheartaíocht tosú."

Bhí an tAire Bruton ina chathaoirleach inniu ar chruinniú de Chomhairle Trádála an AE iLucsamburg. D'fhreastail Airí ­ Trádála ó Bhallstáit uile an AE air, mar a rinne Coimisinéir an AEum Thrádáil Karel De Gucht.

A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Cian Connaughton, Urlabhraí Preasa

T:

M:

E:

picture of Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›