Tá an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore TD, ag dul go dtí an Bhruiséil tráthnóna do chainteanna céime deiridh atá dírithe ar aontú le Parlaimint na hEorpa ar bhuiséad € 960 billiún an AE.
D'aontaigh an Chomhairle Eorpach i mí Feabhra ar bhuiséad AE arb ionann is € 960 billiún é, agus é dírithe ar bhearta iomaíochais, post agus fáis. Thug ballstáit an AE sainordú d'Uachtaránacht na hÉireann le dul i mbun caibidlíochta ar a son féachaint le haontú Pharlaimint na hEorpa ar an mbuiséad a fháil.
Bhí cúig bhabhta caibidlíochta trípháirtí go foirmiúil faoi stiúir an Tánaiste Eamon Gilmore agus an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Ní Chríodáin TD, sa Bhruiséil agus in Strasbourg agus cruinnithe ullmhúcháin iomadúla.
Ag labhairt dó roimh imeacht do na cainteanna, dúirt an Tánaiste:
"Tá fúm teacht ar aontú le Parlaimint na hEorpa faoi bhuiséad an AE. Iarraim ar Pharlaimint na hEorpa aontú ionas gur féidir linn bogadh ar aghaidh."
"Ní hacmhainn a thuilleadh moille teacht ar chomhaontú. Is gá cinnteacht dár saoránaigh. Tá mé sásta mo dhícheall a dhéanamh anocht chun teacht ar chomhaontú. Beidh gá ag ár n-idirbheartaíochtaí le toilteanas chun comhréitigh ar gach taobh."
"Ach seo cad an rud atá ag teastáil má táimid chun a chinntiú gur féidir le hinfheistíocht nua a tosú ag sileadh an 1 Eanáir an bhliain seo chugainn."
San €960 billiún maoinithe AE atá beartaithe do 2014-2020 tá:
- €6 billiún go sonrach chun dul i ngleic le dífhostaíocht na hóige
- Iomlán €91 billiún le haghaidh feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa
- €70 billiún i ndeontais taighde agus nuála do thaighdeoirí ar fud na hEorpa
- €30 billiún le líonraí iompair, fuinnimh agus digiteacha na hEorpa a fheabhsú
- €19 billiún don Chlár Erasmus chun tacú le malartuithe mac léinn
- €325 billiún le comhtháthú i measc na réigiúin na hEorpa a thógáil trí bhíthin cistí struchtúracha
- €373 billiún le hinfheistiú in acmhainní luachmhara nádúrtha na hEorpa, lena n-áirítear talmhaíocht agus forbairt tuaithe
Rinne bhí Éire dian-idirbheartaíocht a threorú le Parlaimint na hEorpa ar an 70 clár AE, beagnach, atá i mbuiséad an AE.
A CHRÍOCH SIN
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter