Gach bliain, foilsíonn údaráis phoiblí an AE conarthaí um sholáthar agus oibreacha poiblí ar fiú thart ar €300 billiún iad. In Éirinn amháin, tacaíonn soláthar poiblí le thart ar 250,000 post, agus caiteachas bliantúil thart ar € 14 billiún aige.
Inniu, tháinig Uachtaránacht na hÉireann ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa ar athbhreithniú maidir le conas conarthaí den sórt sin a thairiscint agus a bhronnadh. Baineann an comhaontú le trí thogra sa phacáiste athchóirithe soláthair maidir le:
- Treoir um sholáthar poiblí ginearálta (Treoir Chlasaiceach)
- Soláthar in earnáil na bhfóntas (Treoir na bhFóntas)
- Lamháltais seirbhísí (Treoir Lamháltas)
Is í seo an chéad uair gur forbraíodh Treoir maidir le lamháltais mar go dtí seo ní raibh rialáil ar leibhéal na hEorpa forbartha ach go páirteach. Tá faoi na Treoracha na rialacha maidir le nósanna imeachta soláthair a shimpliú, an t-ualach riaracháin ar údaráis phoiblí agus ar chonraitheoirí ionchasacha a laghdú; rud a mheallfaidh líon breise FBManna, chomh maith le laghdú ar na costais a bhaineann le soláthar agus cur le húsáid níos fearr a bhaint as acmhainní. Mar shampla, trí laghdú ar líon na ndoiciméad is gá do gach tairgeoir, d'fhéadfadh cuideachtaí coigilteas thart ar 80% a bhaint amach.
Ag fáiltiú roimh chomhaontú an lae inniu, dúirt an tAire Howlin gur "poist agus fás ar fud an AE a chothú a bhí mar phrionsabal treorach ag Uachtaránacht na hÉireann.
An tAire Howlin - "Athchóiriú ar rialacha soláthair phoiblí, tugann sé deis shuntasach le fás a chothú agus fostaíocht a chruthú ar fud na hEorpa"
Tá rochtain níos éasca ar chonarthaí den sórt sin do FBManna ina critéar bunúsach – tá breis is 20 milliún FBM san Eoraip, rud is ionann agus breis is 98% de na fiontair uile – is beag ciall eacnamaíoch atá lena n-eisiamh ó na conarthaí sin. Ciallóidh an creat riaracháin simplithe cuimsiú na mionghnóthas le haghaidh conarthaí a bhí i gcónaí go soiléir laistigh dá n-inniúlacht. "
Áirítear sa chomhaontú freisin dreasachtaí d'údaráis lena gcuid riachtanas a roinnt i mbaisceanna -rud a mheallfaidh a thuilleadh FBManna. Chuir an tAire Howlin béim air "nach bhfuil gnóthachain na n-athbhreithnithe sin teoranta don tionscal amháin - trí rochtain ar chonarthaí den sórt sin a mhéadú agus a leathnú táimid ag cabhrú le hiomaíocht a chruthú, chun éifeachtúlachtaí a thiomáint chun cinn agus a chinntiú go mbeidh airgead poiblí á úsáid ar bhealach costéifeachtach le freastal ar riachtanas an phobail ach ag an am céanna tacú le cruthú post agus le nuáil. "
Bhí an chaibidlíocht mionsonraithe, fada, casta, agus d'éiligh sí comhréiteach suntasach ar na trí institiúid. Scrúdófar na comhréitigh go grinn anois, roimh fhormheas críochnaitheach ó Choiste na mBuanionadaithe agus ó Pharlaimint na hEorpa.
A CHRÍOCH SIN
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter