Faoi cholún riachtanach d'aontú agus den Aontas Baincéireachta aréir cuireadh "tarrtháil isteach" in áit "tarrthála". Faoin gcomhaontú féadfar caibidlíocht a thosú anois le Parlaimint na hEorpa. Leagann an Comhaontú amach rialacha réitigh éifeachtacha freisin, a chabhróidh linn aon ghéarchéimeanna baincéireachta a mhaolú nó a sheachaint feasta.
Shroich an tAire Airgeadais, Michael Noonan TD, comhaontú aréir (26/27 Meitheamh, 2013) leis na hAirí Airgeadais ag an gComhairle ECOFIN ar na rialacha maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.
Ag labhairt dó faoin gcomhaontú dúirt an tAire Noonan:
"Le linn na géarchéime airgeadais, ní raibh aon sraith amháin uirlisí ar fáil do Bhallstáit chun déileáil le bainc ag teip agus chonaic muid frithghníomhartha éagsúla ar fud na hEorpa. In a lán cásanna, cuireadh iachall ar cháiníocóirí na hEorpa bainc phríobháideacha a tharrtháil, rud faoi deara torthaí tubaisteacha. Bogfaidh an comhaontú seo sinn ó "tharrtháil" ad hoc go "tarrtháil isteach" a mbeidh struchtúr agus sainmhíniú soiléir aige mar an riail. Dá bhrí sin, i gcás teipeanna banc feasta, cosnófar na cáiníocóirí. "
Thug Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle ECOFIN an tosaíocht is airde do thógáil an Aontais Bhaincéireachta a chur chun cinn agus toradh an-mhaith is ea comhaontú na hoíche aréir ar an obair sin ar eochair-cholún de chuid an Aontais.
Dúirt an tAire Noonan:
"Ní mór dúinn an nasc fí idir na bainc agus an stát a bhriseadh agus thug Uachtaránacht na hÉireann tosaíocht do na comhaid faoi seo le sé mhí anuas d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach agus aontas baincéireachta a thógáil.
"D'éirigh linn sa réimse seo tar éis comhaontuithe a bhaint amach le Parlaimint na hEorpa maidir le ceanglas caipitil le haghaidh rialacha do bhainc - TRC IV - agus bunú an Mhaoirseora Aonair Baincéireachta - SSM."
An tAire Noonan - "Is é Téarnamh agus Réiteach na mBanc an chéad bhloc tógála eile agus tagann comhaontú na hoíche anocht ag am tábhachtach do thionscadal an aontais bhaincéireachta, agus is ionann é agus críoch an-dearfach ar Uachtaránacht na hÉireann.
Ceadóidh an comhaontú seo tús a chur le hidirbheartaíocht le Parlaimint na hEorpa ar an gcéad cholún eile anois. "
Ba é cruinniú na hoíche aréir deireadh Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Ecofin.
Dúirt an tAire Noonan:
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le m'fhoireann as a n-obair dhian i rith na hUachtaránachta. Tá mé cinnte go labhraím ag son gach duine acu nuair a deirim gurbh onóir mhór dúinn Uachtaránacht na Comhairle tábhachtaí seo agus tá mé an-bhródúil as a mbaineamar amach le sé mhí anuas. "
A CHRÍOCH SIN
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter